Seoirse Mac Niocaill

Bhí dlúthchairdeas idir é agus Art Ó Gríofa

Patria McWalter, Cartlannaí, Cartlanna Chomhairle Chontae na Gaillimhe

Seoirse Mac Niocaill
Chomhairle Chontae na Gaillimhe

Seoirse Mac Niocaill Aturnae, as Baile Átha Cliath ó thús, a bhí in George Nicholls nó Seoirse Mac Niocaill (1884-1942).  Bhí dlúthchairdeas idir é agus Art Ó Gríofa agus bhí sé ina bhall de Shinn Féin ó thrátha a bhunaithe. Sa bhliain 1910 a d’athraigh sé go Gaillimh. Bhí Mac Niocaill ina Cheann Feadhna ar Bhrainse na Gaillimhe de Bhráithreachas na hÉireann (an IRB) chomh maith le bheith in Óglaigh na hÉireann. Bhí sé ar dhuine díobh siúd ba thúisce a gabhadh i nGaillimh tar éis Éirí Amach Sheachtain na Cásca agus cuireadh i ngéibheann é in Frongoch go dtí an bhliain 1917.

1916

Ba é Mac Niocaill Cróinéir an Chontae chomh maith agus is é a bheadh i gceannas, murach gur gabhadh é, ar an gCoiste Cróinéara maidir le bás Chonstábla an RIC Patrick Whelan a scaoileadh nuair a tharla eachtra lámhaigh idir dream d’Fhórsaí an RIC agus buíon d’Óglaigh na hÉireann ag Crosbhóthar an Chairn Mhóir an 26 Aibreán 1916. Ba é Whelan an t-aon duine amháin a maraíodh le linn Éirí Amach na Cásca i nGaillimh.

Comhairle Chontae na Gaillimhe

Toghadh Mac Niocaill ina dhiaidh sin ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus bhí sé ina Chathaoirleach idir na blianta 1920 agus 1925. Nuair a bhí cruinniú ag Comhairle Chontae na Gaillimhe i mí na Nollag 1921 chun plé a dhéanamh ar an gConradh Angla-Éireannach, vótáil seisean ar shon a dhaingnithe[1]. Toghadh chun an Dara Dáil Éireann é (1921-22) thar ceann Shinn Féin gan aon iarrthóir eile ina choinne, chun an Tríú Dáil (1922-1923) thar ceann Shinn Féin freisin (ar thaobh an Chonartha), agus chun an Ceathrú Dáil (1923-1927) thar ceann Chumann na nGaedhael.   Rinne sé fónamh ina Aire Cúnta maidir le Gnóthaí Baile [an 17 Eanáir 1922 go dtí an 9 Meán Fómhair 1922] cé nár daingníodh an ceapachán sin riamh sa Dáil, agus ina Rúnaí Parlaiminte ag an Aire Cosanta [an 15 Eanáir 1925 go dtí an 23 Bealtaine 1927][2]. Ba é Cláraitheoir an Chontae é ina dhiaidh sin (1928-1931)[3].

Tá Mac Niocaill curtha lena bhean chéile, Mairéad, a bhásaigh i 1932, i Reilig an Bhóthair Mhóir i nGaillimh, i ngar d’uaigh Whelan.

Féach www.galway.ie/archives chun eolas a fháil maidir leis na Cartlanna.

[1] Miontuairiscí Chomhairle Chontae na Gaillimhe, an 30 Nollaig 1921 (GCCA GC/1/3).

[2] Dáil Éireann Clár na dTeachtaí. .http://www.oireachtas.ie/members-hist/default.asp?housetype=0&HouseNum=2&MemberID=815&ConstID=102 Ceadaíodh 2015.

[3] An Curadh Connachtach, 3 Márta 1928, l. 7.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.