Cuimhne an tSeanpháiste

Teacher, Poet, Author, Playwright

Micheál Breathnach

Micheál Breathnach i 1966

Micheál Breathnach i 1966

Rugadh Micheál Breathnach i mBéal Chláir, i dtuaisceart na Gaillimhe, i 1886. Chaith sé roinnt blianta mar mhúinteoir agus cigire scoile i Ros Cré agus i mBaile Átha Cliath agus bhí sé ina Phríomh-Rúnaí don Roinn Oideachais ó 1944. D’fhoilsígh sé roinnt ailt nuachtáin, aistí, dánta, dramaí, agus téacsleabhair scoile. Is aistriúchán é an sliocht seo a leanas thíos óna dhírbheathaisnéis Cuimhne an tSeanpháiste (1966), ina thugann Breathnach a chuimní cinn féin dúinn ar na linne díreach i ndiaidh Éirí Amach na Cásca 1916.

Bhí gach éinní ag dul ar aghaidh go deas ciúin agus bhí cosúlacht ar an scéal gur mar sin a bheadh go mbeadh an cogadh mór thart. Agus ansin d’aon phléasc amháin thainig cuntas chugainn go raibh éirí amach ar siúl i mBaile Átha Cliath agus áiteacha eile ar fud na tire. Ní haon áibhéil a rá go raibh breis is nócha faoin gcéad de na daoine nach raibh coinne ar bith acu lena leithéid á thuar ná á bheartú. Nuair a thagas rud mór mar sin gan fhios ort tógann sé tamall ort d’intinn a dhéanamh suas ina thaobh nó teach tar thuairim dheimhnictheach faoi. Dar ndóigh, ní raibh aon mhearbahll ar lucht tacaíochta Shasana ná ar lucht leanúna Redmond. Is é an port a bhí acu gurbh ionann éirí amach san am a bhí ann agus scian a shá ó chúl sa tír a bhí ag troid ar son na náisiún beag. Maidir leis an nglac bheag nach raibh ag taobhadh le Sasana ná le Redmond, bhí sid go mór trí chéile nuair a tháinig an scéal ar dtús. Bé an chéad tuairim a rinne cuid mhaith acu gur ghníomh gan chéill a bhí san éirí amach, go háirid nuair a bhí na hóglaigh scoilte agus nach raibh deimhin ar bith go mbeadh na daoine fabhrach dá leitheid. Ach de reir mar a bhí Seachtain na Cásca ag dul thart agus an scéala á scaipeadh faoin troid chalma a bhí á cur suas ag na hóglaigh i gcoinne chumhacht na hImpireachta ba chuma linn cé acu ciallmhar nó gan chéill an iarraidh a bhí á déanamh. Chuaigh an bród agus an mórtas i ngreim ar ár gcroí agus chuimhníomar ar an rud a dúirt Liam Ó Maolruanaí na blianta roimhe sin:

O! Dark Dear Head, though but the curlews’ screaming

Wake the lone echoes of the hill and glen,

Yet shalt thou see again the bright steel gleaming,

Yet shalt thou hear once more the tramp of men.

Bhí an lann lonrach ag drithliú anois, agus bhí trup na bhfear le cloisteáil i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh agus i Loch Garman, agus bheadh sé le cloisteáil ina lán áiteacha eile ar fud na tire murach trí-chéile agus an mearbhall a tharla i measc na gceannairí. Ba throm imníoch an tseachtain í siúd ar dhaoine ar mhór leo saoirse na hÉireann. Bhí an dóchas agus an t-amhras ag troid lena chéile ina gcroí; dóchas go mbuafadh Gaeil agus amhras bhféadfaidís seasamh i bhfad i gcoinne chuamhact na hImpireachta. Ach faoi dheireadh na seachtaine, nuair a chuaigh an scéala thart gurbh éigin do na hóglaigh géilleadh i mBaile Átha Cliath, d’éag an dóchas agus thit brat trom díomá agus briseadh croí anuas orainn, gur shíleamar gurbh in deiradh le troid na saoirse go ceann cúpla glún eile. Bí cheist mhór a bhíodh á plé ansin again, céard a dhéanfadh Sasana leis na fir ba shiocair leis an troid agus arch éigean dóibh géilleadh di?

Níorbh fhada a fágadh dall muid ar an réiteach a bhí leagtha amach ag Sasana ar an gceist sin. General Sir John Maxwell a cuireadh anal leis an éirí amach a chur faoi chois, agus ní dhearna sé aon dá leath dá dhícheall. Tharla an t-éirí amach ar an 24ú Aibrean, agus taobh istigh de choices nó mar sin ina dhiaidh sin bhí cúig dhuine déag de na ceannairí – an seachtar a chuir a n-ainmneacha le Fógra na Poblachta agus ochtar eile – daortha agus curtha chun báis d’urchair ghunna. Gabhadh suas le dhá mhíle duine agus cuireadh anon go Sasana iad gur brúdh isteach iad i bpríosúin agis i gcampaí. Bhí cosúlacht ar an scéal go raibh an Sasanch cíocrach chun fola agus chun díoltais agus nach raibh aon ní ná aon duine ann a d’fhéachfadh le stop a chur leis an mbrúidiúlacht. Is deacair a chur i dtuiscint do dhaoine anois and tonn treatanmhór éadóchais a réab tríd an tír nuair a thosaigh Maxwell ar an éirleach. Níraibh urchar dár caitheadh ag marú na gceannairí nár cluineadh a mhacalla ar fud Éireann uilig, agus ba shaighead trína gcroí ag a lán é. Agus de reir chosúlachta ní raibh éinne fágtha a d’ardódh a ghuth chun a léiriú gurbh fhuath le formhór mór na nGael an díoltas gan trócaire a bhí á imirt as ionadaí Shasana. Bhí Larry Ginnell ag seasamh fóid go fearúil sa pharlaimint thall, agus bhí sé chomh díograiseach sin agus chomh mór sin gan chabhair gur baisteadh abhus air “the member for Ireland.” Agus ansin, nuair ba dhuibhe an dhímheanma agus lagar spride ar Ghaeil cluineadh glór gear láidir neamhspleách a mhúscail misneach na tire arís agus a chruthaigh nach bhfuil tíoránach ar bith nach féidir seasamh ina choinne ach cur chuige gan scáth gan eagla.

Seo mar a thárla. Bhí beirt sagart i ndeoise Luimnigh nach raibh Maxwell sásta lena gcúrsaí. Ba dhóigh leis nach raibh said sách dílis don Impireacht, agus scríobh sé chuig an Easpag, Eadbhard Tomás Ó Duibhir, ag clamhsan fúthu agus ag iarraidh ar an easpag iad a aistriú go dtí áit éigin nach mbeadh deis acu ar aon chaidreamh a dhéanamh leis na daoine. Rúnaí an easpaig a thug an freagra: freagra an-séimh a gceapfá uaidh go raibh socair ag an easpag géilleadh don fhear mór. Ach fiafraíodh sa litir cén choir a bhí déanta ag na sagairt áiride a bhí i gceist. D’fheagair Maxwell gan mhoill, ach ní raibh le cur i leith na sagart aige ach go raibh said dílis dá dtír féin. Níorch é an rúnaí a thuf freagra an babhta seo ach an t-easpag féin, agus b’in é a raibh an gearradh ann. Is fiú cuid de ipsissima verba an easpaig a chur síos anso:

“You took care that no plea for mercy should interpose on behalf of the poor young fellows who surrendered to you in Dublin. The first information we got of their fate was that they had been shot in cold blood. Personally, I regard your action with horror, and I believe it has outraged the conscience of the country. Then the deporting of hundreds even thousands of poor fellows without a trial of any kind, seems to me to be an abuse of power as fatuous as it is arbitrary; and altogether your regime has been one of the blackest chapters in the history of the misgovernment of the country.”

Chuir an litir sin Maxwell ina thost agus d’fhan sé ina thost. Ach rinne an litir i bhfas níos mó ná méid sin. Mar a deir Brian Ó hUiginn sa Wolfe Tone Annual (1960): “Chorraigh an Dr. Ó Duibhir croí na tire go dtí gur léim an croí sin le grá do na fir a fuair bás san éirí amach, le grá don chúis ab ansa leo, le bród is mórtas astu agus as an gcrann seasta nua seo a bhí ag seasamh fóid do shaoirse na hÉireann in am an ghéarghá.”

Brian Ó hUiginn

Brian Ó hUiginn

Anall gur labhair an t-easpag bhí mearbhall agus alltacht ar na daoine. Chuir an t-éirí amach féin mearbhall orthu, arae ní raibh aon choinne ag a bhformhór mór leis, agus chuir búistéireacht Mhaxwell alltacht ortha mar, dar leo, b’aisteach an gníomh é ó Impireacht a bhíodh ag bolscaireacht faoi “gallant little Belgium”, agus a bhí in ainm a bheith ag coasint na náisiún beag. Ach chuir glór an easpaig chalma croí agus misneach iontu agus taobh istigh de sheachtain amháin bhí tromlach mhuintir na tire iontaithe ar thaobh na “rebels”. Na treoraithe a bhéarfadh comhairle do na daoine bhí siad uilig á gcreimeadh in aol beo i mBaile Átha Cliath nó “faoi ghlas ag Gallaibh” in bpríosúin ar fud Shasana. Bé Easpag Luimnigh an chéad duine d’ardaigh glór i gcoinne na tíorántachta; bhí Gaeil uilig buíoch de agus bródúil as agaus ba cheart go gcuimhneofaí go de ar a ain magus ar an ngníomh misniúil a rinne sé. Bhí mé féin chomh corraithe sin nuair a léigh mé litir an easpaig gur chum mé dreas rannaireachta i mBéarla faoin scéal go léir. Chuir mé chuig Risteard Ó Foghlú é, agus chuir seisean i gclóscríobh é agus scaip thart é. Thaithin sé le daoine agus chím go bhfuil sé i gcuid de na duanairí de dhánta agus de bhailéid faoin éirí amach, a foilsíodh ina dhiaidh sin. “O’Dwyer and Maxwell” a thug mé air, agus más suarach féin é mar rannaireacht tháinig gach uile fhocal de aníos ó mo chroí.

[Micheál Breathnach, Cuimhne an tSeanpháiste (Baile Átha Cliath, 1966): pp. 197-201]

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.