Ómós do mo MháthairÓmós do mo Mháthair
Mary Anne McDonagh Nevin
Sleachta as Cuimhní Cinn an Ath. Eugene Nevin
Abby Loughrea
Sa bhliain 1854 a pósadh m’athair agus mo mháthair, iad cúig bhliana déag agus fiche agus seacht mbliana déag go leith ag an am – difríocht mhór ó thaobh aoise, ach níor chuir sin isteach riamh ar an suaimhneas agus an réiteach a bhíodh eatarthu i gcónaí, óir ní raibh lánúin ó thús ama ba shásta ag maireachtáil le chéile…. Ag teacht le gnás na linne, lean an cailín dá sloinne féin a úsáid tar éis a pósta agus b’annamh, má tharla sé oiread agus uair amháin féin, an teideal Bean a thabhairt uirthi ag beannú di – go deimhin is ar éigean a thuigfeadh a fear céile cé a bhí i gceist dá gcuirfí ‘Bean’ ag obair agus labhairt uirthi ina shloinne féin!
Ní raibh mise ach naoi mbliana d’aois an tráth a bhfuair m’athair bás sa bhliain 1877, ina fhear sách óg trí fichid bliain d’aois. Sé mhí bheag níos luaithe ná é, in aois a cúig bhliana déag agus ceithre fichid, a cailleadh a mháthair, Nappy Donlon ó thús. Ach bhí blianta fada fós ag mo mháthair dhil, Mary Anne McDonagh, ina baintreach; an 24 Samhain 1907 a fuair sise bás in aois a trí bliana déag agus trí fichid. Ní raibh bean chomh lách léi ar an saol seo riamh, tá mé cinnte, agus tá an “Fáilte ó chroí romhat” a bhíodh aisti le gach uile chuairteoir ina mhacalla i mo chluasa go fóill. Ba í ba shine de chúigear deirfiúracha agus cáil uirthi as a scéimhe ina seal; ina haibíocht di, agus ina foirfeacht, d’fhan an ghrástúlacht agus scéimh na hóige inti. Nuair a sciobadh cúntóir an tsaoil uaithi agus í trí bliana leis an dá scór, ní deas ar chor ar bith na deacrachtaí a bhí roimpi, le hochtar clainne, an duine ab óige acu – an tSiúr Osmund – trí bliana d’aois. Ach bhí creideamh láidir aici agus muinín in oirchill Dé, thug sí go dána faoin dúshlán, le misneach as an dóchas go mbeadh cabhair aici ó Neamh. Ar na cainteanna ab fhearr léi agus ba mhinice as a béal, bhíodh “Fáilte againn roimh thoil Dé!” agus “Moladh agus buíochas le Dia as a ndéanann Sé de mhaith orainn!” Ní bhíodh sí oiread agus nóiméad díomhaoin, ar a cosa i mbun gnóthaí a luaithe agus a d’fheicfeadh sí rud le déanamh. Bhí sí in ann chuig an uile ní, agus d’oireadh an uile ní, chuaigh an dúthracht a bhí inti i bhfad níos faide ná obair an tí a dhéanamh agus maith a dhéanamh don teaghlach.
No Comments
Add a comment about this page