Albert Alexander Lyons

Died on 13th March 1915, just one month short of his 20th birthday.

Le Leslie Lyons

Reilig Naomh Sever, Rouen, An Fhrainc
Leslie Lyons
Leslie Lyons ag uaigh Albert, uncail dá chuid, Reilig Naomh Sever, Rouen, An Fhrainc
Leslie Lyons
Leac Uaigh Albert Lyons, Reilig Naomh Sever, Rouen, An Fhrainc
Leslie Lyons

Tullaghboy

South Irish Horse Regiment

Ar an Tulaigh Bhuí a rugadh m’uncail, Albert Alexander Lyons, an 20 Aibreán 1895. Cailleadh leathchúpla leis, Arthur James, taobh istigh de ráithe ar an 7 Iúil. Bhí deirfiúr leis, Sophia, an chéad duine clainne ag Tomas Henry Lyons agus Eleanor Kathleen (Maclean), dhá bhliain d’aois an tráth sin. Beirt eile a rugadh ina dhiaidh sin, Florence Kathleen, m’aintín, a rugadh an 27 Iúil 1900 agus Thomas James, m’athair, a rugadh an 29 Eanáir 1903.

An 2 Iúil 1907 a cuireadh Albert ar an rolla i Scoil na Léime tar éis dó freastal ar Scoil Shindile ar an Teach Dóite ar dtús. Bheadh cleachtadh maith ag Albert ar chapaill agus ar phónaithe ag éirí aníos dó ar an bhfeirm ar an Tulaigh Bhuí agus seans go raibh baint aige sin lena dhul isteach i reisimint an South Irish Horse in Arm na Breataine an 4 Lúnasa 1914 nuair nach raibh na hocht mbliana déag slán aige ach ar éigean. Ní fada gur cuireadh chun na Fraince é mar a raibh sé ina ghabha ag cur crúite ar chapaill i rith an chogaidh. Fuair sé bás an 13 Márta 1915, mí sula mbeadh sé fiche bliain d’aois.

Tá sé curtha i Reilig Naomh Sever i Rouen na Fraince gar don áit a raibh roinnt ospidéal suite i rith an Chéad Chogaidh Domhanda. A.5.6 uimhir na huaighe.

Is é atá ráite ar theastas a d’eisigh na hÚdaráis Earcaíochta in Éirinn agus a seoladh chuig a mhuintir: “This is to certify that Albert A Lyons of  Maam Cross entered on active service to defend the liberty of his country on 4th August 1914, trooper South Irish Horse. Died in March 1916[1] from illness contracted on Active service”.

Niúmóine an tinneas a bhfuil tagairt dó ach luaitear galar Weil chomh maith. D’fhéadfadh sin a theacht air ó fhrancach greim a bhaint as sna trinsí.

Bhí slám cártaí poist coinnithe ag mo sheanmháthair a chuir sé chuici. Is beag eolais atá le baint astu agus iad stampáilte á rá go raibh siad pasáilte ag an oifig cinsireachta. Ar cheann amháin a scríobhadh i mí Eanáir 1915 tá:“Dear Mother, Just a few lines to let you know that I am in the best of health. Best love from Bert.” Ar cheann eile a scríobhadh tamall ina dhiaidh sin ar a bhfuil pictiúr de dhrong saighdiúirí, tá “Just a few lines to let you know that I am in the land of the living yet. Best love to all, Bert.”  Tá trí cinn de bhoinn ar fáil freisin a bronnadh tar éis a bháis.

I nóta a d’eisigh Oifig na dTaifead in Canterbury leis na boinn an 4 Aibreán 1922, deirtear “I am delighted to transmit to you the accompanying British War Victory medal which would have been conferred upon No. 710 Private A. Lyons South Irish Horse had he lived in memory of his services with the British Forces during the Great War. In forwarding the decoration I am commanded by the King to assure you of His Majesty’s high appreciation of the services rendered. I am to request that you will be so good as to acknowledge the receipt of the decoration on the attached form. I am your obedient servant. M. Whitehead”

Tá mé cinnte gur scríobhadh na mílte de na litreacha seo leis an bhfoclaíocht cheannann chéanna agus nach raibh eolas ar bith ag an Rí ar ainmneacha na saighdiúirí óga naoi mbliana déag sin.

Chomh maith leis na boinn a luaitear thuas, tá plaic mhór chiorclach chré-umha freisin againn, atá 12 cm trasna, ar a bhfuil “He died for Freedom and Honour” greanta.

Tá súil agam cuairt a thabhairt ar an uaigh i Rouen níos déanaí sa bhliain.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.