Dúnmharú Constáblaí

James Rocke agus Charles Healy

Constable James Rocke
Killimor Heritage

Toomevara, County Tipperary

Ba chúis déistine agus bróin ollmhóir dá dteaghlaigh agus dá gcairde é dúnmharú na n-oifigeach James Rocke agus Charles Healy. Tugann The Nenagh Guardian ón Satharn, an 20 Márta, 1920, tuairisc dúinn ar an ionsaí marfach. Bhí na Constáblaí Rocke agus Healy ag filleadh ar a mbeairicí i ndiaidh Deabhóidí Nóibhéine tráthnóna La Fhéile Pádraig, nuair a caitheamh urchair leo. Thit an Constábla Rocke go talamh láithreach agus é marbh. Lámhachadh an Constábla Healy sa droim ach d’éirigh leis a bhealach a dhéanamh chomh fada leis an mbeairic a bhí céad fiche slat ar shiúl chun cabhair a fháil. Rith dochtúir, beirt shagart agus sáirsint an stáisiúin chun cabhrú leis, agus thug chomh fada leis an mbeairic é, áit ar bhásaigh sé ag 11.15pm, ceithre huaire an chloig i ndiaidh an ionsaithe. Ar leaba a bháis, de réir fianaise a thug a sháirsint ag an ionchoisne, dúirt sé ‘Tugaim maithiúnas dóibh siúd a lámhach mé agus fágaim gach a bhfuil agam ag mo mháthair’.

Bhásaigh an Constábla Healy de bharr a chuid ghortaithe in ospidéal míleata i Luimneach.

Bhí an Constábla James Rocke seacht mbliana is fiche d’aois agus ní raibh sé pósta. Bhí thart ar seacht mbliana seirbhíse curtha isteach aige san RIC agus ní raibh sé lonnaithe i dTuaim Uí Mheára ach ón 23 Feabhra, 1920. Is i mBuiríos Ó Luigheach a bhí sé roimhe sin. D’fhág sé a mháthair Bridget (née Finnerty as an Eiscir Bhuí, Cill Tormóir), a bhí ina baintreach, agus seisear deartháireacha Pat (An Lorgain), John (an cheárta, An Lorgain), Tom (Na Doiriú), Andy (an siopa lastall den cheárta), Frank, a bhásaigh ag aois óg é féin, agus Mick, a d’fhóin ar feadh roinnt blianta in arm Mheiriceá le linn an chogaidh 1914/1918. Tháinig deartháireacha agus col ceathrar James chomh fada le Tuaim Uí Mheára i ndiaidh an ionchoisne agus thug a chorp go Cill Íomair. Adhlacadh é in uaigh an teaghlaigh i reilig Chill Tormóir. Is iad na gaolta is gaire dó a bhfuil cónaí orthu i gCill Íomair fós ná a nianna, a gharnianna agus a gharneacht.

An 15 Bealtaine, 2008, chraol RTÉ 1 an clár “Flesh and Blood” a rinne cur síos ar shaol an iriseora Brendan Lynch agus a dheartháir, arbh as Tuaim Uí Mheára iad ó thús.   Leag siad fleasc ag an suíomh inár lámhachadh an bheirt oifigeach RIC.

Chun tuilleadh eolas a fháil, féach: Killimor – Our parish and our People, arna fhoilsiú ag Killimor and District Development Society, nach bhfuil ar díol ach amháin trí killimorheritage@eircom.net, nó glaoigh ar: 090 – 9676565.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.