An tAth. Eugene Nevin

His association with the leaders of the 1916 Rising

Pat McDonagh

An tAth. Eugene Nevin CP, an chéad Reachtaire ar Mhainistir Graan, Inis Ceithleann, a cuireadh ar bun sa bhliain 1909
The Graan Monastery
Teileagram a sheol Margaret Pearse, máthair na bPiarsach, go mainistir Chnocán Argos nuair a fuair an tAthair Eugene, CP bás.
John Holohan
An Ráiteas
Biúró na Staire Míleata

Ballinakill, Galway

An ceangal le ceannairí Éirí Amach 1916

Rugadh agus tógadh an tAthair Eugene Nevin CP (faoin ainm Thomas Nevin a bhíodh aithne air sular oirníodh ina Shagart é in ord na bPáiseadóirí) ar an gCeathrú Chruinn, baile beag i bparóiste Bhaile na Cille i gContae na Gaillimhe, gar do bhaile Thomaine mar a mbíodh mo mhuintir ina gcónaí agus do bhaile na Mainistreach mar a raibh cónaí ar chol ceathracha leis de mhuintir Holohan. Spreagadh mo spéis féin san Athair Eugene tar éis dom cuimhní cinn a léamh a thug garnia leis, John Holohan, do mo dheartháir Vincy. Cé gur scríobh an tAthair Eugene na cuimhní cinn gairid sula bhfuair sé bás sa bhliain 1957, ní dheachaigh sé níos faide leis ná tús a shaoil ar an gCeathrú Chruinn. D’fhéadfadh nach de thimpiste sin mar bhí cuid mhór le rá go fóill aige faoina shaol ina dhiaidh sin, go háirithe an ceangal dlúth a bhí aige le ceannairí éirí amach na bliana 1916. Is cosúil gur thart ar an am céanna i rith na 1950idí a raibh sé ag scríobh faoina óige a bhí sé gnóthach chomh maith ag tabhairt tuairisc ar an mbaint a bhí aige le hÉirí Amach na Cásca. Rinne sé sin trí ráiteas fada ó fhinné a thabhairt do Bhiúró na Staire Míleata a bheadh faoi ghlas i mboscaí móra cruach, gan cead ag an bpobal é a scrúdú go ceann breis agus 50 bliain. Mhair eolas agus cuimhne ar Eugene ina ord eaglasta freisin maidir lena ról mar fhinné i gcás eile, canónú shagart eile d’ord na bPáiseadóirí, an tAthair Charles – fear ar oibrigh sé go dlúth leis agus a raibh aithne mhaith aige agus a bhfaca sé an naofacht a bhí ann go mion minic.

Biúró na Staire Míleata

Chuir Rialtas na hÉireann Biúró na Staire Míleata ar bun sa bhliain 1947 i gcomhar le coiste staraithe gairmiúla agus daoine a bhí in Óglaigh na hÉireann. Oifigigh sinsearacha airm is mó a bhí i mbun fiosrúcháin don Bhiúró agus leagadh orthusan ráitis mhiona a thiomsú ó dhaoine a raibh páirt acu i ngluaiseacht na saoirse. I gcásanna áirithe, mar a tharla i gcás Nevin, ba iad na finnéithe féin a scríobh na ráitis. Faoin tráth ar tháinig deireadh leis an mBiúró tuairim is deich mbliana dár gcionn, bhí 3,600 leathanach fianaise bailithe, 56 acu sin a chuir an tAthair Eugene ar fáil. Is cosúil go raibh níos mó le cur in iúl aigesean ná ag cuid mhór, cibé meabhair a bhainfeadh duine as sin. Bhí roinnt de na seanóglaigh lárnacha a dhiúltaigh fianaise a thabhairt, mar shampla De Valera arb é a Rialtas féin a chuir an Biúró ar bun.

Sa bhliain 1949, cuireadh gach ar bailíodh de ráitis in 83 bosca cruach a coinníodh i seomra daingean in áras an Rialtais go ceann 50 bliain agus níos faide, rud a bhí ina ábhar díomá ag na staraithe a chuidigh leis an obair agus a fuair amach ina dhiaidh sin nach mbeadh an t-eolas ar fáil don phobal ná lena scrúdú ag scoláirí go ceann i bhfad. Níor tosaíodh ar chead a thabhairt na cáipéisí a cheadú go dtí an bhliain 2003 tar éis don duine deireanach a fuair pinsean seirbhíse míleata bás a fháil. B’fhearr sin ná a gceilt choíche mar is é tuairim dhaoine go ginearálta anois gurb é an bailiúchán ollmhór seo a fhoilsiú a fhágann gur féidir greim cheart a fháil ar an rud a tharla agus ar na daoine a bhí páirteach in imeachtaí Sheachtain na Cásca 1916. De réir mar a deir staraí amháin: “the witness accounts bring events alive with an immediacy and sense of location that a more formal history cannot provide”. Seo a bhí le rá ag staraí eile: “While the witness statements do not fundamentally alter our knowledge of what occurred they enhance our understanding of the motivations, mentality and experiences of the revolutionary generation, preserving something of the texture and complexity of the past rarely recorded by conventional sources”.

An Ráiteas

Má bhí laige san Ath. Eugene, ba é an claonadh é a chuid cuimhní cinn a mhaisiú le caint bhláfar agus le tagairtí don litríocht nach móide gur chuir siad lena soléiteacht i gcónaí. Níor cheart, ina dhiaidh sin féin, go gcuirfeadh sin isteach ná amach ar bhealach ar bith ar ábhar an scéil féin a bhí le hinsint aige. Is dócha go raibh na ceithre fichid scoite aige agus é ag scríobh an ráitis agus bhí sé ag teannadh le deich mbliana agus ceithre fichid nuair a cailleadh é i mí na Nollag 1957. I gceann de na tuairiscí a scríobhadh air tráth a bháis, dúradh go mba fear é a raibh am aige don uile dhuine, “who formed lasting friendships”, a bhí “beloved as a confessor” agus duine a raibh meas air agus muinín as ag “the men who moulded the destinies of modern Ireland”. Tugtar an Ráiteas Finné ina iomláine anseo gan aon leasú agus tá iarracht déanta achoimre a thabhairt ar roinnt de na heachtraí a dtugann sé cuntas orthu agus comhthéacs ina leith a thabhairt trí ghearrchuntas beatha a thabhairt maidir leis na ceannairí a raibh caidreamh aige leo.

Na Deartháireacha Mhic Phiarais

Sa bhliain 1955, dhá bhliain roimh a bhás, rinne an tAth. Eugene ceiliúradh ar Iubhaile Trí Fichid Bliana oirniú i dTeach Cúrsaí Spioradálta Naomh Pól, Cnocán Argos. Thug duine eile d’Ord na bPáiseadóirí an lá sin chun cuimhne níos deireanaí: “We realised on that occasion that his long and accurate memory was a treasure-house of good things old and new. He recalled the events and friendships of his early life and spoke to us of the turbulent years of conflict in Ireland and of his close association with the national leaders of those days. His friends included the bothers Pearse and many of the noted personalities of the Easter Week Rising, to which he gave his strong moral support”.

Ó tharla go ndearnadh tagairt faoi leith do dheartháireacha Mhic Phiarais, d’oirfeadh dúinn tosú leis an teaghlach sin, ainneoin cur síos ag an Ath. Eugene ina Ráiteas Finné ar chaidreamh níos mine, níos minice agus níos faide le hEoin Mac Néill a d’easaontaigh le Pádraig Mac Piarais agus a bhí go mór in aghaidh éirí amach an t-am a ndearnadh an tEirí Amach. Is dócha gur teist ar an bhfear go raibh sé ina chara dlúth agus ina chara rúin ag an mbeirt i gcónaí i rith tréimhse struis agus éiginnteachta dá leithéid.

Muintir Mhic Phiarais agus an Ceangal leis an Ath. Nevin

Rugadh Patrick Henry Pearse (ar a dtugtaí Padraic i mBéarla freisin) ar an 10 Samhain 1879. Fear oideachais nuálach a bhí ann, abhcóid, file, scríbhneoir, náisiúnaí agus fear feachtaisíochta. Sa bhliain 1881 a rugadh a dheartháir Willie a bhí ina ealaíontóir. Bhí an bheirt acu ina gcónaí in 27 Sráid Mhór Brunswick, Sráid an Phiarsaigh sa lá atá inniu ann. Úinitéireach as Birmingham Shasana ó thús a bhí ina n-athair, James Pearse, agus bhí bláth faoina ghnó siúd mar shaor cloiche a d’fhág go raibh saol sócúil an mheánaicme ag an gclann ag éirí aníos dóibh.

Ba í an obair chloiche ba chúis leis an gcaidreamh idir muintir Mhic Phiarais agus ord na bPáiseadóirí agus Cnocán Argos. Is léir ó na taifid atá ar fáil gur scríobh James Pearse litir sa bhliain 1877 chuig an Athair Pius Devine CP, Reachtaire an tráth sin ar Mhainistir na Croise Naofa i mBéal Feirste, ag iarraidh teistiméireachta nuair a bhí gnólacht nua á cur ar bun aige i gcúrsaí ceardaíochta/saoirseachta. I litir ina dhiaidh sin nuair a bhí an tAthair Pius i Mainistir Chnocán Argos, tráchtann an sagart ar an am ar theagasc sé an creideamh Caitliceach do James agus ar ghlac sé eisean, a bhean a bhí beo ag an am agus na leanaí isteach san eaglais. Guíonn sé gach rath ar James Pearse sa ghnó nua sa litir sin agus deir sé go dtabharfaidh sé féin tús áite dó má bhíonn neart aige ar na gnóthaí sin. D’fhéadfaí a áiteamh go raibh tairbhe ag an dá thaobh as an gcaidreamh nua seo ar bhealaí éagsúla. Ar na saothair iomadúla a rinne meitheal athar agus mic na bPiarsach agus atá ar fáil go fóill i mainistir Chnocán Argos, tá an phuilpid, an dealbh den Pieta le James Pearse agus an dealbh den Mhaighdean Mhuire le Willie Pearse.

Ag teannadh leis an mbliain 1916, is cosúil go raibh go leor de cheannairí an éirí amach, muintir Mhic Phiarais san áireamh, arbh é an tAthair Eugene a bhí mar athair faoistine acu. Is annamh a thagraíonn Eugene dó sin ina chuid cuimhní cinn ach ní díol iontais sin nuair a chuimhnítear ar chineál an ábhair. Deirtear i gcomhaid an Oird lenar bhain sé: “it was well known among the Community in Mount Argus in 1916 that the two priests most sympathetic to the Irish Volunteers were Fr Eugene Nevin and Fr Kieran Farrelly“. B’as Baile na Cille i gContae na Gaillimhe an tAth. Eugene agus as Ceannanas i gContae na Mí an tAth. Kieran.

Tugann an tAth. Eugene chun cuimhne sa ráiteas finné nach raibh sé i láthair i mainistir Chnocán Argos ar Aoine an Chéasta 1916, go raibh seanmóir le tabhairt aige i séipéal i lár na cathrach. “During my absence, Pat and Willie Pearse called to see me. I was and am so sorry that they couldn’t wait as I never saw them after that”. Tá cuntas níos iomláine ag sagart eile d’Ord na bPáiseadóirí, an tAth. Leo Cribben, ar ar tharla tráthnóna Aoine an Chéasta i mainistir Chnocán Argos. “On Good Friday night 1916 the preaching of the seven last words of Christ was in full swing in Mount Argus to a packed house. During the course of the sermons a number of men approached me at the back of the Church and asked me if it were possible to get a priest to hear their confessions. They had not long to stay. I accepted their request and found the priest named Fr Kieran to hear their confessions in a room nearby. It was only afterwards that I discovered the names of some of these men. There was Padraig Pearse, one of the Plunket boys (it later transpired that it was Joseph) and Eamonn Ceannt. The other names I don’t recall but certainly these three were among their number. I saw their confessions were heard by the priest and afterwards they asked if they could listen to the sermons but there was no room in the Church”. Thug an tAthair Cribben chun cuimhne gur thug sé isteach iad sa sanctóir mar a suíodh ábhar sagairt. (The Easter Rising 1916 – the Passionists Info PDF Files 150).

Pádraic Mac Piarais

Roghnaigh ceannaire Bhráithreachas na Poblachta, Tomás Ó Cléirigh, Pádraic Mac Piarais mar urlabhraí thar ceann lucht an Éirí Amach. Ba é Mac Piarais thar ceann an IRB a d’eisigh, go gairid roimh an gCáisc sa bhliain 1916, orduithe maidir le slógadh oibríochta ar feadh trí lá ag tosú Domhnach Cásca chuig gach aonad d’Óglaigh na hÉireann ar fud na tíre. Is ansin a bheadh comhartha go raibh siad uilig le héirí amach. Nuair a tuigeadh d’Eoin Mac Néill, Ceann Foirne na nÓglach, an rud a bhí á bheartú agus gan amharc go fóill ar airm ón nGearmáin, chuir sé na horduithe ar ceal Domhnach Cásca trí fhógra a fhoilsiú ar an Sunday Independent. Thug sin ar an IRB ordú eile a eisiúint leanacht ar aghaidh leis an bplean an lá arna mhárach. Ba é toradh a bhí air sin uilig nár éirigh oiread daoine amach agus a d’éireodh murach an meascán. Is cosúil go mbíodh an tAthair Eugene agus sagart eile as mainistir Chnocán Argos ina n-athracha faoistine rialta ag an mbeirt de na Piarsaigh agus tá tagairt aige dó sin ina ráiteas: “In the afternoon of Good Friday I was absent preaching in a city church, and during my absence Pat and Willie Pearse called to see me. I was and am so sorry they couldn’t wait my return as I never saw them after that. The priests were kept very busy all that week but especially the next afternoon, evening and far into the night, hearing the confessions chiefly of young men who crowded round the confessionals, and it must have been evident to the least observant that there was something unusual afoot”. An lá dár gcionn, Domhnach Cásca, díreach tar éis don Athair Eugene Aifreann Mór an mheánlae a léamh i mainistir Chnocán Argos, bhí an mac ba shine le hEoin Mac Néill ag fanacht leis agus le litir óna athair chomh maith le teachtaireacht ó bhéal. Seo mar a bhí sa litir:“This is to authenticate my order in today’s Sunday Independent. Great influence will be needed at the first possible moment, and in every direction to secure faithful obedience to that order throughout the country and avert a very great catastrophe”. Bhí sé sínithe ag Eoin MacNéill.

Ba nuacht agus ábhar iontais ag Eugene a raibh sa litir. Bhí sé róghnóthach le haon pháipéar nuachta a bheith léite aige agus mar a deir sé féin: “A verbal message asked me to go round to the different centres at once and impress upon the leaders and the boys the importance of obeying the order not to parade next day”. Rinne Eugene a dhícheall déanamh de réir threoracha Mhic Néill ach ba ghearr gur léir dó nach mbeifí ag tarraingt siar. “Next forenoon, Easter Monday Bank holiday, I was surprised and not a little shocked to see the Volunteers marching down Kimmage and Harold’s Cross roads, on towards the city. I didn’t know what to think, what to surmise, but all doubt was soon dispelled as news of the first clash of arms and sound of rifle fire reached us. The battle of Dublin Easter week had begun, though ending in apparent defeat and disaster”. Thosaigh an tÉirí Amach ar Luan Cásca, an 24 Aibreán 1916. Ba é Pádraic Mac Piarais a léigh Forógra na Poblachta ag Ardoifig an Phoist ach tar éis sé lá troda agus cuid mhór taismeach agus damáiste d’fhoirgníocht, ní raibh dul as aige ach ordú géilleadh. Tugadh na ceannairí, an bheirt Phiarsach ina measc, os comhair cúirte míleata gan mhoill agus daoradh chun báis iad. Bhí an Piarsach, Tomás Mac Donnchadha agus Tomás Ó Cléirigh ar an gcéad dream de lucht an Éirí Amach a scaoileadh ar an 3 Bealtaine 1916.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.