Eanáir 14ú, 2016 ag 11.00
Leabharlann Bhaile Locha Riach, Sráid na hEaglaise, Baile Locha Riach, Co na Gaillimhe
Ealaín “Bhliain 1916” do Bhunscoileanna – Eagróidh Leabharlanna Contae na Gaillimhe sraith comórtas ealaíne idir bunscoileanna a mbeidh téamaí leo. Mairfidh an tsraith tréimhse cúig bliana, tabharfar cuireadh do scoileanna ó cheann de chúig Cheantar Bardasach an chontae bheith páirteach i mbliain ar leith. In 2016, tabharfar cuireadh do scoileanna ó Cheantar Bardasach Bhaile Locha Riach le píosaí ealaíne samhlaíocha agus amhairc a chruthú chun comóradh a dhéanamh ar ‘bhliain 1916’.
Eanáir–Nollaig 2016
Leabharlanna Contae na Gaillimhe
Solas agus Foghlaim’ i do Leabharlann: Cuirfear clár imeachtaí fairsing Sheirbhísí Leabharlainne na Gaillimhe in oiriúint, lena n-áirítear Lá Domhanda na Leabhar, Seachtain na Gaeilge, Gníomhaíochtaí Samhraidh, Buzz Léitheoireachta Samhraidh agus Féile Leabhar do Leanaí, chun go mbeidh ceardlanna agus cuairteanna ó údair mar chuid díobh chun imeachtaí 1916 a léiriú.
Eanáir–Márta 2016
Baile Átha an Rí-Órán Mór, Béal Átha na Sluaighe, Conamara, Baile Locha Riach, Tuaim
“Leanaí agus Daoine Óga – Cearta don Ghlúin Nua”: Tógfaidh an tionscadal seo ar obair ar thug Comhairle na nÓg fúithi chun scrúdú a dhéanamh ar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (UNCRC). Is é atá mar aidhm leis na cearta seo a fhiosrú i gcomhthéacs an Fhorógra agus na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh lena chinntiú go mbíonn deis ag leanaí agus daoine óga sásamh a bhaint as na cearta seo sa todhchaí a aithint.
Márta 8ú, 2016 ag 11.00
An Cheathrú Rua, Ceantar na nOileán, Ros Muc
Comhairle na nÓg – “Bhur fís sa todhaí”: Cuspóir an imeachta seo ná breathrú chun cinn chun fis a chruthú de mar a bheidh sé do dhuine óg cónaí i bpobal bríomhar Gaeltachta thar an gcéad 100 blain romhainn.
Márta 22ú, 2016 ag 15.00
Leabharlann Thuama, an tSráid Ard, Co. na Gaillimhe
Scéalta faoin Óige: Tionscadal comhoibritheach idirghlúine ina roinntear scéalta pearsanta maidir le bheith i d’ógánach i dTuaim 1916 agus i 2016.
Márta–Aibreán 2016
Ar fud an Chontae
Forógra do Ghlúin Nua agus Lá Forógra: Taispeáint agus cur chun cinn Forógraí do Ghlúin Nua i Leabharlanna agus i bhFoirgnimh Chathartha eile.
Márta–Aibreán 2016
Baile Átha an Rí-Órán Mór, Béal Átha na Sluaighe, Conamara, Baile Locha Riach, Tuaim
Comhairle na nÓg: Imeachtaí Ceantair Áitiúil le béim faoi leith ar an gcaoi a bhfuil saol leanaí agus daoine óga athraithe sa chéad bliain idir 1916- 2016 agus lena shamhlú cén chaoi a mbeidh sé amach anseo.
Deireadh Fómhair 17ú, 2016
Leabharlanna i mBéal Átha na Sluaighe, Tuaim agus Baile Locha Riach
“Ár dTodhchaí a Shamhlú – Gaillimh 2040”: Léireofar agus taispeánfar torthaí chomhairliúcháin chaifé Chomhairle na nÓg, i gcomhar le foireann pleanála Gaillimh 2040 ag áiteanna éagsúla ar fud an chontae.
No Comments
Add a comment about this page