Iúil 31ú, 2015.
Ros Muc, Co. Galway
Scoil Samhraidh an Phiarsaigh 2015 – An Piarsach i Ros Muc: Mar chomóradh ar chuairt dheireanach Phádraig Mhic Phiarais ar Ros Muc i mí Iúil 1915, reáchtáil Comhairle Chontae na Gaillimhe Scoil Samhraidh an Phiarsaigh den chéad uair an 31 Iúil 2015 lenar áiríodh clár cultúrtha le gné stairiúil ag díriú ar an Piarsach agus ar a chaidreamh le Ros Muc.
Meán Fómhair 14ú, 2015
Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh
Seoladh Scoláireachtaí Éamoinn Ceannt i gComhairle Chontae na Gaillimhe: Seolfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe Scoláireachtaí Éamoinn Ceannt ag tabhairt aitheantais dá nasc láidir le Contae na Gaillimhe trína áit bhreithe, Béal Átha Mó. Mar aitheantas ar a fhostaíocht le húdarás áitiúil agus le tacú le soláthar seirbhíse méadaithe i nGaeilge, beidh na scoláireachtaí oscailte do chomhaltaí incháilithe foirne i gComhairle Chontae na Gaillimhe le tacú lena rannpháirtíocht i nDianchúrsaí Gaeilge.
Meán Fómhair 14ú, 2015
Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh
Seoladh Scoláireachtaí Gaeltachta Phádraig Mhic Phiarais i gComhairle Chontae na Gaillimhe: Seolfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe scéim scoláireachta Choláiste Samhraidh Gaeltachta mar aitheantas ar an nasc láidir a bhí ag Pádraig Mac Piarais le Contae na Gaillimhe. Maoineoidh na scoláireachtaí as daltaí incháilithe ag freastal ar Choláistí Samhraidh Gaeltachta i gContae na Gaillimhe.
Meán Fómhair 16ú, 2015
Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh
Stéibh 2016: Comórtas Scríbhneoireacha/Taibhithe Amhrán Gaeilge do scoileanna i gContae na Gaillimhe i gcomhar le Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin agus le hÓige na Gaeltachta bunaithe ar théamaí Éire 2016.
Meán Fómhair 16ú, 2015
Ar fud an Chontae
Filíocht ó Bhéal; Comórtas Filíochta ó Bhéal as Gaeilge: Comórtas léamh filíochta as Gaeilge do Mheánscoileanna ar fud Chontae na Gaillimhe lena n-áirítear filíocht ó roinnt de na sínitheoirí, ag cuimsiú téamaí ó Éire 2016 agus ón am sin.
Meán Fómhair-2015
Scoil Mhuire, Carna agus Scoil Náisiúnta Cholmáin, Maínis, Carna
Drámaíocht trí Ghaeilge don óige: Ceardlanna drámaíochta a reáchtáil do pháistí na scoile and a chuimseoidh taispeántas drámaíochta, ag leanacht téamaí Chomóradh 1916, don phobal.
Meán Fómhair-2015
Tuaim
Spraoi trí Ghaeilge: Tacaíocht fearais do Chumann Óige Gaeilge chun an Ghaeilge a chuir chun cinn trí chluichí and spraoi i gCumann Caisleán Óir i dTuaim.
Fómhair-2015
Scoil Bhriocáin An Gort Mór
Scoil An Ghoirt Mhóir agus An Eirí Amach: Leabhrán a fhoilsiú faoi an eirí amach agus an pháirt a bhí ag iar phríomhoide na scoile seo ann.
Fómhair-2015
Conamara
Tacú le gréasáin teaghlaigh le Gaeilge:: I gcomhair le Tuismitheoirí na Gaeltachta cuirfear ceardlanna éagsúla do theaghlaigh ar siúl chun gréasán teaghlaigh le Gaeilge a chruthú and a chothú in ionaid ar fud Ghaeltacht Chonamara.
Deireadh Fómhair-Nollaig 2015
An Aird Mhóir, Carna
Scríbhneoireacht Chruthaíoch don Óige: Cuirfear Ceardlanna Scríbhneoireachta do ghasúir ar bun i S.N. an Aird Mhóir, Carna, ag leanacht téamaí Chomóradh 1916 agus ina mbeidh bailiúchán scéalta i gcóip crua mar thoradh air.
Nollaig 8ú, 2016 ag 2pm.
Ionad Pobail Bhaile Átha an Rí, Cumann Óige Átha an Rí, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe.
Gléasta mar a bhí! Cuirfidh Cumann Óige: Átha an Rí na héidí éagsúla ar taispeáint ag an phointe seo agus seolfar clár imeachtaí a bhéas ar siúl go háitiúil i mBaile Átha an Rí le linn 2016 ina mbeidh na héidí seo in úsáid. Mórshiúlta, drámaíocht, agallamh beirte is eile.
Eanáir-Nollaig 2016.
Leabharlanna Contae na Gaillimhe
Bailiúcháin Leabhar 1916: Méadóidh an tSeirbhís Leabharlainne an líon leabhair Ghaeilge ina bhailiúcháin in 2016. Cuirfear leabharliosta de leabhair ficsin agus neamhfhicsin Gaeilge i Leabharlanna Contae na Gaillimhe a bhaineann le gach gné de 1916 i dtoll a chéile, agus beidh sé ar fáil i ngach Leabharlann Brainse. Beidh Foilseacháin Ghaeilge a bhaineann le 1916 ar fáil i Leabharlanna na Gaillimhe in 016. Méadóidh Leabharlanna na Gaillimhe an líon leabhair Ghaeilge a bhaineann le 1916 ina gcroí-bhailiúchán.
Eanáir 2016.
Ar fud an Chontae
Scéim Tacaíochta Pobail do Thionscnaimh Ghaeilge do thionscnaimh/ghníomhaíochtaí scoileanna, eagraíochtaí pobail agus deonacha a chuireann úsáid na Gaeilge chun cinn nó a mhéadaíonn í ar fud Chontae na Gaillimhe agus i gcomhthéacs Chomóradh Céad Bliain 1916.
2016
Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh
Ag tacú le soláthar seirbhíse méadaithe trí Ghaeilge: Leanfar le irrachtaí feasacht ar ról na Gaeilge san údarás áitiúil a mhéadú in 2016 agus cuirfear ranganna Gaeilge ar fáil do chomhaltaí tofa agus don fhoireann i rith na bliana.
dátaí éagsúla (le deimhniú) amanna
éagsúla (le deimhniú)
Comóradh Fileata 1916: Sraith ócáidí agus ceardlanna filíochta sna ceantair Gaeltachta eagraithe ag Muintearas, bunaithe ar théama agus eachtraí Éirí Amach 1916. Déanfar poiblíocht ar na hócáidí sna meáin áitiúla nuair a bhéas dátaí agus am socraithe.
Earrach/Fómhair 2016
Ar fud an Chontae
Sraith Léachtaí ar an nGaeilge sna Leabharlanna: Reáchtálfar sraith cainteanna agus léachtaí faoin nGaeilge agus na saincheisteanna lena mbaineann i leabharlanna ar fud an Chontae chun ábhair stairiúla áitiúla a áireamh.
Márta 9ú, 2016 ag 1pm
Baile Chláir, Co. Galway
Stéibh 2016: Seolfar an CD Stéibh 2016 agus fógrófar torthaí an chomórtais mar aon le cúig thaibhiú bheo ó rannpháirtithe mar bhuaicphointe ar an gcomórtas scríbhneoireachta amhráin seo.
Márta 10ú, 2016 ag 2.30pm
Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh
Suim Thar lear sa Ghaeilge a Éascú: Sraith cainteanna ar an nGaeilge, ar oidhreacht agus ar stair Chontae na Gaillimhe do mhic léinn ar cuairt ó Chúrsa Chultúr Comhaimseartha agus Thraidisiúin na hÉireann in Ollscoil Pittsburgh tar éis a gcúrsa tumoideachais ar an gCeathrú Rua.
Márta 2016 – Seachtain na Gaeilge
Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh
Pacáistí Acmhainne Gaeilge – Príomhthionscadail Gaeilge: Forbróidh Comhairle Chontae na Gaillimhe Pacáistí Acmhainne Gaeilge chun treoir, leideanna praiticiúla agus eolas a thabhairt do scoileanna, grúpaí pobail agus cumainn spóirt maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn agus a bhreisiú ina n-eagraíochtaí agus maidir le pleananna gníomhaíochta Gaeilge a réiteach.
Márta 2016 – Seachtain na Gaeilge
Ar fud an Chontae
Seachtain na Gaeilge 2016: Sraith imeachtaí feasachta teanga ar fud an Chontae i rith Sheachtain na Gaeilge.
Earrach/Fómhair 2016
Béal Átha na Slua, Tuaim, An Clochán, Órán Mór agus Baile Locha Riach
Oícheanta Airneáin agus Gaeilge: Reáchtálfar sraith oícheanta cultúir, ceoil, filíochta agus próis Gaeilge in ionaid ar fud an chontae mar cheiliúradh ar an teanga bheo agus ar an gcultúr.
Márta 16ú, 2016 – 7pm-9pm.
Gairmscoil na bPiarsach, Ros Muc, Co. na Gaillimhe
An Piarsach i ré na nua- theicneolaíochta: Ócáid cheiliúradh ar litríocht an Phiarsaigh a chur i láthair ag scoláirí Ghairmscoil na bPiarsach, Ros Muc, ar bhealach nua-aimseartha thríd aithris filíochta, drámaíochta agus gearrscannaíochta.
Aibreán 2016.
Ar fud an Chontae
Tacú le cur chun cinn na Gaeilge: Tabharfar tacaíocht do ghrúpaí Gaeilge atá ag forbairt na teangan ina gceantar i bhfoirm urraíochta ar Ghradam Chomhairle Chontae na Gaillimhe i scéim náisiúnta gradaim Ghlór na nGael 2016.
Bealtaine 27ú-29ú 2016.
Amharclann na Seanscoile, An tSeanscoil, Indreabhán, Co. na Gaillimhe
Féile Scannán na Réabhlóide 2016/ Revolution Film Festival 2016: Tá Club Scannán Sailearna ag reachtá féile scannán i gConamara mar chomóradh céad bliain ar Éirí Amach na Cásca 1916. Beidh scannáin Éireannacha faoin Éirí Amach agus Cogadh na Saoirse chomh maith le scannáin aitheanta idirnáisiúnta ar théama na réabhlóide á dtaispeáint thar thrí lá (20-22 Bealtaine) i 2016 in Amharclann na Seanscoile, Indreabhán, Co. na Gaillimhe. Beidh léachtaí agus seisiúin phlé le saineolaithe agus scannánóirí aitheanta ar an gcaoi a gcuirtear 1916 agus réabhlóidí i gcoitinne in iúl trí mheán na scannánaíochta. I measc na scannán a bheidh á dtaispeáint beidh Mise Éire (1959), Áille an Uafáis / A Terrible Beauty (2013), October -Ten Days That Shook the World (1928) agus The Battle of Algiers (1966). I measc na gcainteoirí atá deimhnithe beidh na saineolaithe staire agus scannáin Mary Harris, Gearóid Ó Tuathaigh agus Seán Crosson chomh maith le scannánóirí ar nós Bob Quinn.
Meitheamh-Lúnasa 2016.
Leabharlann na Ceathrú Rua, Leabharlann An Spidéil
Ócáidí i Leabharlanna: Imeachtaí liteartha na Gaeilge i Seirbhísí Leabharlainne le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge le scríbhneoirí/údair Ghaeilge.
Iúil 29ú-30ú, 2016.
Ros Muc, Co. na Gaillimhe
Reáchtálfar Scoil Samhraidh an Phiarsaigh, go bliantúil agus in 2016 fiosrófar ann saincheisteanna maidir le fís an Phiarsaigh don Ghaeilge agus an teanga a chothú, lena n-áireofar an Ghaeltacht, an Ghaeilge, Cearta Teanga, Cultúr agus Oideachas, etc.
Deireadh Fómhair 2016
Ar fud an Chontae
Gradaim an Chathaoirlaigh don Ghaeilge: Tabharfar aitheantas d’iarrachtaí a dhéanann scoileanna agus grúpaí pobail, sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht, chun úsáid sheach- churaclaim na hoidhreachta nó na Gaeilge a cheiliúradh, a chur chun cinn nó a mhéadú ina scoil nó ina gceantar I gcomhthéacs chomóradh céad bliain 1916.
Deireadh Fómhair 27ú, 2016.
Indreabhán, Co. na Gaillimhe
Tionscadal Scannánaíochta Scoileanna Gaeltachta BEO – Mo Thír, Mo Theanga, Mo Thodhchaí: Tionscadal scannánaíochta scoileanna ina ndéanann daltaí scoil náisiúnta scannánú, eagrú agus léiriú ar a dtuairimí faoina dtír, faoina dteanga agus faoina dtodhchaí i gcomhthéacs chomóradh céad bliain 1916.
No Comments
Add a comment about this page