Rannpháirtíocht i gCogaí Domhanda

Killimor

Killimor

Thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda, nó an Cogadh Mór mar a thugtaí air, an 28 Iúil 1914 agus lean sé ar aghaidh go dtí 11 Samhain 1918. Síníodh Conradh Síochána an 28 Meitheamh 1919.

Throid dhá chomhghuaillíocht mhóra sa chogadh fuilteach seo, na Cumhachtaí Comhghuaillíochta (Entente) agus na Cumhachtaí Láir. Bhí na Comhghuaillithe comhdhéanta den Fhrainc, an Ríocht Aontaithe, an Rúis agus a spleáchais. Chuaigh stáit eile isteach leis na Comhghuaillithe níos déanaí, an tSeapáin i Lúnasa 1914, an Iodáil in Aibreán 1915 agus na Stáit Aontaithe in Aibreán 1917. Ba í an Ghearmáin agus an Ostair-Ungáir agus na himpireachtaí a bhunaigh na Cumhachtaí Láir ar dtús. I nDeireadh Fómhair 1914 chuaigh an Impireacht Ottoman isteach leis na Cumhachtaí Láir, mar a rinne an Bhulgáir an bhliain dár gcionn. Ba iad aontú na Gearmáine agus an t-athrú a tháinig ar chothromaíocht na cumhachta i measc Mórchumhachtaí na hEorpa a bhí ina mbunchúiseanna leis an gcogadh seo. Ní mó ná sásta a bhí an Fhrainc gur thóg an Ghearmáin cuid dá críoch sna 1800idí, bhí comórtas míleata agus eacnamaíoch idir an Ghearmáin agus an Bhreatain a bhí ag éirí níos measa agus theastaigh ón Ghearmáin go mbeadh sí ar chomhchéim le tíortha eile na hEorpa a bhí níos bunaithe.

Is san Eoraip is mó a tharla an troid sa Chéad Chogadh Domhanda, ach tharla troid san Afraic agus sa Mheán-Oirthear. Mar thoradh ar sin maraíodh os cionn daichead milliún duine, lena n-áirítear básanna míleata agus sibhialta.

Bhí fir as Éireann san áireamh; roghnaigh thart ar 140,000 díobh dul ar fónamh le Fórsaí na Breataine. Bhí a gcuid cúiseanna féin acu liostáil san arm – rinne roinnt díobh é ar son na cúise mar a thuig siad féin, agus rinne daoine eile é, go háirithe Náisiúnaithe a fuair spreagadh ó John Redmond i Meán Fómhair 1914, mar gur chreid siad gurbh ionann “saoirse na náisiún beaga mar an Bheilg agus an tSeirbia agus saoirse na hÉireann”. Bhí sé ar eolas go háitiúil go raibh ar a laghad ceathrar fear as Cill Íomair ar fónamh le hArm na Breataine sa Chéad Chogadh Domhanda agus gur éirigh leo teacht slán agus filleadh ar an mbaile. Tá siad ainmnithe mar seo a leanas:

Jerome Reilly as na Doiriú, a bhásaigh i mí na Nollag 1953, in aois a seachtó cúig agus atá curtha i seanreilig Chill Íomair.

Thomas Duffy, a phós agus a thóg a chlann sa Choill Mhór, a bhásaigh in aois a seachtó haon i mí Iúil 1964, agus a adhlacadh i seanreilig Chill Íomair.

D’fhóin deartháir Thomas Duffy, Stephen, chomh maith. Chuaigh sé go Corcaigh nuair a d’fhill sé ar an mbaile agus shocraigh sé ansin agus thóg clann. Bhásaigh sé, in aois a seasca ceathair, i mí na Nollag 1955 agus adhlacadh i gCorcaigh é.

Mhair Michael Houlihan (Holohan), a raibh cónaí air ar an Machaire Mór i 1911, agus a bhog ina dhiaidh sin go dtí an Garraí Ard, go raibh sé nócha trí bliain d’aois. Bhásaigh sé i mí na Nollag 1970 agus tá sé curtha i seanreilig Chill Íomair.

Deirtear chomh maith go ndeachaigh Charlie Ward, a raibh aithne agus meas air i measc an lucht siúil, isteach sna Connaught Rangers, agus gur fhóin sé sa Chéad Chogadh Domhanda. D’fhill sé abhaile gan gortú agus chónaigh sé an chuid eile dá shaol mar “ridire bóthar” ag caitheamh go leor dá chuid ama i gCill Íomair. Tá sé curtha i reilig Bhaile na gCnocán i mBaile Locha Riach.

Níor labhair mórán de na daoine a d’fhill ar Chill Íomair go hoscailte ar na cúiseanna a bhí acu liostáil san arm. Seans gur thug an cogadh deis dóibh a bheith ag obair, ag taisteal, taithí a fháil ar chúinsí éagsúla, nó seans go ndeachaigh siad ann agus iad ag lorg eachtraíochta.   Ní ndearna siad cur síos ar an méid a tharla dóibh, b’fhéidir mar gheall ar na hainghníomhartha a chonaic siad.

Bhásaigh thart ar tríocha cúig míle de na fir sin, roinnt as Gaillimh ina measc.

Tugann leabhar William Henry, Forgotten Heroes, Galway Soldiers of the Great War 1914-1918, liosta cuimsitheach de an daoine a throid sa choimhlint uafásach seo. Bhí fir as Cill Íomair ina measc, agus seo a leanas a gcuid sonraí:

Hayes, Francis                        Saighdiúir Singil 3819              2ú Fiúsailéirí Ríoga na Mumhan
Bás: 10 Samhain 1917.            Aois 23
Nótaí Breise: Mac le Michael & Amy Annie Hayes as Cill Íomair, Béal Átha na Sluaighe
Cuimhneachán: Cuimhneachán Tyne Cot – Zonnebeke – West – Vlaanderen – An Bheilg (143 go dtí 144).

Hogan, Joseph                       Saighdiúir Singil 4888              5ú Reisimint Ríoga na hÉireann
Bás: 18 Meán Fómhair 1915. Aois 24
Nótaí Breise: Mac le Thomas & Mary Hogan as Cill Íomair.
Cuimhneachán: Cuimhneachán Doiran – An Ghréig.

Kavanagh , Thomas               Saighdiúir Singil 6220              5ú Connaught Rangers
Bás: (Salonika) 30 Samhain 1915.
Nótaí Breise: Liostáil: Béal Átha na Sluaighe, Breith: Cill Íomair.
Adhlactha: Reilig Chichester – West Sussex – An Ríocht Aontaithe (1 26. 34.).

Murray, J.                  Mairnéalach Ceannais SS/2716 HMS Erin    An Cabhlach Ríoga
Bás: 10 Meitheamh 1916.                   Aois 26.
Nótaí Breise: Mac le John & Julia Murray as Flower Hill, Cill Íomair, Béal Átha na Sluaighe.
Adhlactha: Síntí le Cealla (nó Reilig) Pharóiste Ros Caoin – Ross and Cromarty – An Ríocht Aontaithe (C. 386).

 Staunton, John                      Saighdiúir Singil 11166                                    1ú Irish Guards
Bás: 9 Deireadh Fómhair 1917,          Aois 24.
Nótaí Breise:               Mac le Delia Staunton as Trian an Iarla, Cill Íomair.
Cuimhneachán: Cuimhneachán Tyne Cot – Zonnebeke – West – Vlaanderen – An Bheilg (10 go dtí 11).

Comments about this page

  • Francis Hayes from Killimor was my great-uncle. His brother Michael was my grandfather. I would dearly love a photograph or more information about him. I have busted the Tyne cot many times. We have no medals for him or anything.

    By Julie kennedy-Greenall (*post-comment-date)

Add a comment about this page

Your email address will not be published.