Na Connaught Rangers

Bernard Kelly

Sa bhliain 1881, d’aontaigh Rialtas na Breataine roinnt reisimintí nua coisithe a chur ar bun in Éirinn agus, d’fhonn cur leis an aird ar na fórsaí míleata go ginearálta, ceadaíodh do na haonaid nua caidreamh dlúth a chothú leis an gceantar áitiúil. Sonraíodh Beairic na Rinne Móire i nGaillimh mar bhunáit don reisimint nua, cónascadh idir an 88ú agus an 94ú reisimint coisithe, ar ar tugadh na Connaught Rangers. Tháinig de cháil nó de mhícháil ar an reisimint go rabhthas fíochmhar agus míréireach; tugadh ‘The Connaught Footpads’ de leasainm tarcaisneach orthu agus dúirt oifigigh a bhí leis an reisimint san India i rith na 1880idí ‘drink was the besetting sin of the Connaught men.’[1] Bhí i ndán go n-éireodh go maith le fórsaí na Breataine i mbun earcaíochta i gceantar na Gaillimhe mar gheall ar an mbochtanas, an leibhéal ard dífhostaíochta agus easpa forbartha; tugadh an contae fré chéile isteach faoi scáth Bhord na gCeantar Cúng sa bhliain 1909. Tharraing na Rangers earcaigh isteach as gach uile chuid den chúige agus ar cheann de na híomhánna is suntasaí ina leith sin, tá Listed for the Connaught Rangers, a phéinteáil Lady Elizabeth Butler, ina bhfeictear an sáirsint liostála ag tabhairt na n-earcach chuig an mbunáit agus taobh tíre gharbhchríocha an iarthair le feiceáil ar a gcúla.

Connaught Rangers Association

Mar a chéile le reisimintí Éireannacha eile, throid na Connaught Rangers san Aifric Theas i gCogadh na mBórach agus gortaíodh cuid mhór acu i rith chath Colenso. Bhí cathláin na reisiminte ar éadain éagsúla i rith an Chéad Chogadh Domhanda. Bhí an dara cathlán ina chuid den British Expeditionary Force a cuireadh chun na mór-roinne. Bhí siadsan sa chuid is mó den troid a tharla le héadan an iarthair, i Messines, Neuve Chappelle, Ypres agus Loos, agus bhí an séú cathlán sa troid ag an Somme agus i Passchendaele. Bhí an cúigiú cathlán sa bhfeachtas míchinniúnach ag féachaint leis an Tuirc a chur amach as an gcogadh i Gallipoli sa bhliain 1915, agus is mór an lear taismeach a bhí orthu: ba é cuimhne Ranger amháin go raibh na suímh ‘chock full of Irish and Turkish dead’.[2] Aistríodh an cathlán ina dhiaidh sin go dtí éadan na mBalcán i mí na Nollag 1915 ag tabhairt faoi arm na Bulgáire a bhí díreach tar éis teacht isteach sa chogadh ar thaobh na gCumhachtaí Láir. Bhí cathláin eile de chuid na reisiminte a throid sa Phailistín, in aghaidh arm na Tuirce agus mar a bhfuil an Iaráic sa lá ata inniu ann. De réir an Connaught Rangers Association, bhí beagnach 13,500 duine de na Rangers a rinne seirbhís thar lear i rith an Chéad Chogadh Domhanda, agus maraíodh timpeall is 2,500. Meastar go mba as Gaillimh féin tuairim is 280 acu sin.[3] Déantar comóradh orthu le leacht cuimhneacháin sa Teampall Mór (Séipéal Naomh Niocláis) agus in Ard-Eaglais na Gaillimhe.

Ainneoin an ceangal le Gaillimh, ní raibh aon pháirt ag an reisimint i gcur lucht an Éirí Amach faoi chois sa chontae sa bhliain 1916. Bhí an chuid ba mhó de chathláin fianais na reisiminte ar fianas thar lear an tráth sin, agus bhí an chuid a bhí fós in Éirinn scaipthe ar fud an oileáin idir Corcaigh agus Baile Átha Cliath. Bhí líon na bhfear níos tábhachtaí ná an ceangal le ceantar amháin a chothú, agus chuir na Rangers cathláin fianais ar bun i gCúige Laighean agus i gCúige Mumhan i rith an chogaidh agus ba mhó i gceist fir a thraenáil agus a chur anonn go dtí aonaid na reisiminte thar lear ná a bheith ag tabhairt faoi na hÓglaigh.

Taobh amuigh de na gníomhartha gaisce i mbun troda dóibh, is mar gheall ar eachtraí mhí Meitheamh agus mí Iúil 1920, nuair a rinne daoine sa reisimint ceannairc, is mó cáil ar na Rangers. Míshástacht lena gcás féin agus nuacht chorraitheach as Éirinn a d’fhág gur dhiúltaigh roinnt mhaith Rangers déanamh de réir orduithe, gur chaith siad suaitheantais Sinn Féin agus gur chuir siad bratach na hÉireann ar foluain.

1920.

Scaoil lucht na ceannairce agus saighdiúirí eile lena chéile agus maraíodh beirt de na Rangers. Cuireadh an cheannairc faoi chois gan mhoill. Ciontaíodh 61 de na Rangers i bpáirt a ghlacadh in aighneas agus daoradh 14 acu chun báis; níor tharla ach aon duine amháin, an Saighdiúir Singil James Daly, a chur chun báis. Scaoileadh eisean i mí na Samhna 1920. Gearradh tréimhsí fada príosúnachta ar an gcuid eile. Cuid den íoróin go léiríonn an cheannairc an ceangal idir Gaillimh agus an reisimint a bheith caol: san India a tharla an cheannairc agus b’as Bealach an Tirialaigh i gContae na hIarmhí Daly, an té a luadh a bheith ina cheann feadhain. Ligeadh saor an chuid eile de na ceannaircigh nuair a d’iarr rialtas Shaorstát Éireann go ndéanfaí sin sa bhliain 1923 agus rinneadh dlúthchuid de scéal ré na saoirse in Éirinn dá scéalsan; bhronn rialtas Fhianna Fáil pinsin orthu sa bhliain 1936 agus cuireadh leacht suas ina gcuimhne i nGlas Naíon – ní i nGaillimh – sa bhliain 1949.

Tháinig deireadh le scéal na Connaught Rangers sa bhliain 1922 nuair a cuireadh deireadh leis an reisimint sin agus leis na reisimintí Éireannacha eile – an Royal Irish Regiment, an Leinster Regiment, na Royal Munster Fusiliers agus na Royal Dublin Fusiliers – mar chuid de na socruithe faoin gconradh Angla-Éireannach. Ina ainneoin sin, tá gnéithe den oidhreacht i nGaillimh anuas go dtí an lá atá inniu ann. Ar an gcéad dul síos, tá Beairic na Rinne Móire in úsáid go fóill, ag Óglaigh na hÉireann anois, agus sin faoin ainm Dún Uí Mhaoilíosa sa bhliain 1954. Ar an dara dul síos, coinníodh le nós na Rangers daoine a liostáil i gceantracha, cosúil le Conamara, inarbh í an Ghaeilge teanga na ndaoine, nuair a cruthaíodh an Chéad Chath, an 1ú Cathlán d’Óglaigh na hÉireann, cathlán inarb í an Ghaeilge a labhraítear.

[1] Holmes, Redcoat, l. 153.

[2] Mallinson, The Making of the British Army, l. 401.

[3] Connacht Tribune, 20 Bealtaine 2005.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.