Gaillimh 2016 - Cuimhneamh Chomhairle Chontae na Gaillimhe

Scéim Deontais

Scéim Deontais Gaillimh 2016 - Cuimhneamh Chomhairle Chontae na Gaillimhe

BÍODH RÓL AGAT I GCUIMHNEAMH AR GHAILLIMH 2016

Tugann Comhairle Chontae na Gaillimhe cuireadh do ghrúpaí agus eagraíochtaí a bheith páirteach i ‘Gaillimh 2016’ agus Contae na Gaillimhe ag comóradh an ról speisialta a bhí ag Contae na Gaillimhe in Éirí Amach 1916 le chéile.

COMÓRADH CÉAD BLIAIN ÉIRÍ AMACH 1916 – ‘GAILLIMH 2016 – CUIMHNEAMH’ 

Tugann Comhairle Chontae na Gaillimhe cuireadh do ghrúpaí pobail agus eagraíochtaí leas a bhaint as ‘Gaillimh 2016 – Cuimhneamh’ chun iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú deontais chun saothar ealaíne/dealbhóireachta ar ardchaighdeán ealaíne a sholáthar a chumasaíonn bealaí nua chun Cuimhneamh, Réiteach, Cur i láthair, Samhlú agus Ceiliúradh a dhéanamh ar Chomóradh Céad Bliain Éirí Amach 1916 i gContae na Gaillimhe.

Tugann ‘Gaillimh 2016 – Cuimhneamh’ deis dona pobail sna 5 Ceantar Bardasacha a dhul i ngleic leis an ról lárnach a bhí ag pobal Chontae na Gaillimhe, agus a gCeantar Bardasach féin ach go háirithe, in Éirí Amach na Cásca 1916, agus ag an am céanna ag soláthar meabhrúchán bhuan chomhaimseartha dár gcomóradh i 2016 i bhfoirm saothar ealaíne/dealbhóireachta a dhéanfaidh stair, ealaín agus pobail a nascadh lena chéile.

 

Is é an Dáta Deiridh chun Foirmeacha Iarratais Comhlánaithe a fháil ná 4.00in ar an Aoine 29 Eanáir 2016.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.