Mai O’Dea agus muintir Uí Fhathaigh as an gCathair Dhubh, Ard Rathain

Michael Fahy

Mai Fahy, an Chathair Dhubh, Ard Rathain.
Cllr. Michael Fahy.

Caherduff

Ní raibh Mai O’Dea, a rugadh sa Charn, Contae an Chláir sa bhliain 1910, ach heitre bliana d’aois nuair a cailleadh a máthair. Nuair a fágadh cúram ceathrar clainne ar a hathair, chuir sé Mai faoi chúram a seanmhuintire, muintir Mhic Fhearadhaigh i bhForghleann, Inis Díomáin. Dream láidir poblachtánach a bhí iontusan agus beirt mhac gníomhach i mBriogáid Lár an Chláir den IRA. Is cinnte gur tháinig Mai, cé nach raibh inti ach cailín an-óg go fóill, faoina n-anáil sin agus chuaigh Mai isteach i gCumann na mBan go raibh páirt ghníomhach aici i ngach gné d’obair an chumainn i rith Chogadh na Saoirse, ag rith teachtaireachtaí, ag cur airm agus armlóin i bhfolach agus ag tabhairt aire d’fhir a bhí ar a dteitheadh. Ar chuid de na mná eile a bhí i gCumann na mBan sa cheantar sin in éineacht le Mai, bhí Marie O‘Dwyer, Maria Conneally agus Nora Morgan.

Thugadh an RIC agus na Dúbhchrónaigh faoi theach Mhic Fhearadhaigh go minic i rith bhlianta na coimhlinte sin. Gortaíodh daoine go dona, uncailí Mai ina measc, le linn ruathar amháin den sórt sin tar éis luíochán an Rinnín i mí Meán Fómhair 1920. Chuaigh Mai ag cur fios ar dhochtúir. Ba é a bhí i gceist leis sin bealach a dhéanamh in éadan gach anró na deich míle go Sráid na Cathrach chomh fada leis an Dochtúir Micheál Ó hIrghile. Tháinig seisean an mhaidin dár gcionn le cóir a chur ar na hóglaigh
gortaithe. Ba é an Dochtúir sin athair an Dochtúir Pádraig Ó hIrghile, Uachtarán na hÉireann ina dhiaidh sin. D’fhan cuimhne ghlan ag Mai ar ar thit amach tar éis luíochán an Rinnín nuair a loisceadh baile Inis Díomáin agus nuair a hionsaíodh agus a maraíodh daoine lena linn sin nach raibh baint ná páirt acu sna cúrsaí sin: “the sound of rafters exploding in the burning houses was like rifle shots, and the smell of the burning was all around the district for weeks afterwards”.

Bhí cuimhne ag Mai freisin ar an Athair Micheál Ó Gríofa a bhí ina shéiplíneach in Inis Díomáin idir c1918 agus 1920. As Goirtín, Béal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe an tAthair Ó Gríofa ó dhúchas. Thaobhaigh sé go láidir leis na poblachtánaigh. Mall sa bhliain 1920 aistríodh as Inis Díomáin go cathair na Gaillimhe é. Go gairid ina dhiaidh sin, fuadaíodh é agus maraíodh é agus caitheadh a chorp sa phortach i mBearna. Chomh maith leis an troid ar son na saoirse, bhí muintir Uí Fhearadhaigh sáite freisin i ngach gné de chultúr na hÉireann, an ceol traidisiúnta san áireamh.

An 20 Meán Fómhair 1949, i Séipéal an Chairm, pósadh Mai O’Dea agus John Fahy, duine den Sean-IRA as an gCathair Dhubh, Ard Rathain. Tháinig sí ina cónaí ar ghabháltas na bhFathach agus is ann a chaith sí an chuid eile dá saol. Nuair a cailleadh John sa bhliain 1985, d’fhan sise ar an bhfeirm 70 acra in éineacht lena mac Michael. Nuair a sheas seisean sa toghchán áitiúil sa bhliain 1979, bhí sise gníomhach san fheachtas agus chuidigh sí leis an obair toghcheantair.

Cailleadh Mai O’Dea-Fahy, in aois a 98, an 23 Nollaig 2008 agus tá sí curtha i Reilig an Lábáin.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.