Cumann na mBan: Gnéithe den scéal i gContae na Gaillimhe

Comhairle ChontaE na Gaillimhe

Comhairle Chontae na Gaillimhe

“ They stand for the honour of ireland, as their sisters in days that are gone, and they’ll march with their brothers to freedom, the soldiers of Cumann na mBan.”

“Bhí baint ag muintir na Gaillimhe le cúrsaí náisiúnta Chumann na mBan ón tús. Ní raibh ach fíorbheagán brainsí den chumann a chuir ionadaithe go dtí Comhdháil na bliana 1915 i mBaile Átha Cliath ach bhí Baile Átha an Rí ar cheann den bheagán sin. De réir tuairisc de chuid an RiC an bhliain ina dhiaidh sin, bhí dhá bhrainse den chumann i nGaillimh faoin tráth sin agus 46 ball, líon nach beag. Scríobh cigire an RIC i nGaillimh Thoir gurbh iad na sagairt agus mná Bhaile Átha an Rí ba mhó ba chúis le ‘disloyalty’ ar fud an chontae. Tar éis Chomhdháil na bliana 1915, b’fh ollasaí an mhíleatacht a bhain le Cumann na mBan agus ba threise an ceangal idir iad agus Óglaigh na hÉireann. Tosaíodh ar éide de chineál míleata a chaitheamh, cóta, hata agus sciorta de bhréidín na nÓglach maille le mála agus trealamh garchabhrach. Gach ní a cheannófaí, bhí i gceist gur de dhéantús na hÉireann é dá    mb’fhéidir sin. Ina ainneoin sin, níorbh éigean an éide a chaitheamh ó bhí ar na baill féin íoc as agus fágadh rogha ina leith. Ba léir freisin ón suaitheantas a bhí ag Cumann na mBan an dearcadh a bhí ag na baill: bhí na litreacha ‘C na mB’ os cionn raidhfil. Thosaigh brainsí ar dhruileáil agus ar chomharthaíocht a theagasc do na baill agus bhí brainsí áirithe a rinne traenáil in úsáid airm. An tráth céanna, ba é an príomhról a bhí ann go fóill airgead a bhailiú do na hÓglaigh agus cuidiú le hairm a chur ar fáil.

Ina ainneoin sin, ní mórán suime a chuir údaráis na Breataine i gCumann na mBan agus níor luadh iad ach anois agus arís i dtuairiscí an RIC ó thráth a mbunaithe go haimsir an Éirí Amach. Anuas air sin, tharlaíodh ó am go chéile a gcomhnáisiúnaithe r ag déanamh beag is fiú díobh. Ainneoin a ndíchill, ba mhinic neamhaird á déanamh díobh nó iad a bheith imeallach mar gheall ar nithe eile a tharla; mar shampla, is beag aird a tharraing tuairisc sa Connacht Tribune ar an tsraith léachtaí a d’eagraigh siad i nGaillimh i mí Feabhra 1915 mar gheall ar alt leis an bhfeisire parlaiminte William O’Malley faoi chúrsaí an chéad Chogadh Domhanda agus faoi u-bháid de chuid na nGearmánach a bheith i Muir Meann

le Dr Bernard Kelly

Documents

Comments about this page

  • Fascinating read especially about Clarenbridge. You may be interested to learn that there is a handwritten letter from Alf Monaghan in my great uncle Michael O’Dea’s (Stradbally) military file in support of his application for the military pension. Mike was 15 at the time and he was the one who cycled in to Francis Street with Fr. Feeney to assist in Alf Monaghan’s escape. Mike was dressed up like a curate and swapped clothes with Monaghan who said he ‘behaved with coolness and courage’. I can email you a copy of the letter if you wish.

    Delia and Kate O’Dea, Mike’s sisters were in Cumann na Mban and whilst there is no mention anywhere that I can find, the women all had to take on the roles traditionally performed by the men. So, they did ploughing, saving hay etc etc. I have my great aunt Delia’s obituary which mentions this too.

    By Catherine Grealy (*post-comment-date)

Add a comment about this page

Your email address will not be published.