Cissie Davoren (née Lally)

Christina Cassidy (Gariníon Cissie Davoren)

Cissie Davoren née Lally
Grianghraif le caoinchead Christina Cassidy

Loughrea

Rugadh máthair mo mháthar ar an 10 Lúnasa 1909 i mBaile Locha Riach. Ahí gnó búistéara ar bun ar an mbaile sin ag a muintir. Mary Theresa a bhí uirthi ó cheart ach Cissie a tugadh uirthi ar feadh a saoil. Cailleadh a máthair nuair a bhí Cissie óg go maith agus ba iad a hathair agus a cuid uncailí a thóg í féin agus a deartháir Syl agus a deirfiúr Nellie. Bhí sí thar cionn i mbun cócaireachta agus d’oibrigh sí ina cócaire i dtithe príobháideacha agus i dtithe altranais i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath. Bhí sí ag obair i mBaile Átha Cliath nuair a bhí an Chomhdháil Eocairisteach ar siúl sa bhliain 1932 agus ba mhinic léi trácht ar an am sin agus a rá gurbh ócáid iontach a bhí ann. Bhí creideamh
láidir aici. Más maith, olc nó idir eatarthu a bhí rud, ní raibh de chúis leis ach ‘toil Dé’ –
agus ní raibh dul as ag duine ach glacadh le toil Dé agus lenar tháinig dá bharr.

Bhíodh mamó mórtasach as a sloinne riamh. Aon duine a raibh de dhánacht ann a bheith ar mhalairt tuairime léi nó cur ina haghaidh, is breá luath a chuirtí i gcuimhne dó ‘there was blood in the Lallys, you know’ – glúine i ndiaidh a chéile dá sinsir a throid, agus i roinnt cásanna a fuair bás, ar son chúiseanna ar sheas siad leo. Throid a hathair, John, sa Chéad Chogadh Domhanda agus de réir na dtuairiscí go léir, bhí sé ina fhear cráite ag filleadh abhaile dó – ní nach ionadh agus a raibh le fulaingt ag an gcuid is mó de na saighdiúirí thall. Chuaigh a dheartháir James (Jimmy) ar imirce go Bostún sa bhliain 1915, in aois a 20 dó, agus chuaigh sé in arm Mheiriceá. Maraíodh le linn comhraic é ‘under
circumstances of exceptional bravery’ seachtainí beaga roimh an sos cogaidh, tar his dó diúltú an post a fhágáil a raibh sé ann mar oifigeach raidió agus an namhad á thuairgneáil. Bhí beirt eile de na deartháireacha, Patrick agus Michael, ‘ar a gcaomhúint’ agus cuireadh i ngéibheann ina dhiaidh sin iad nuair a gabhadh iad le linn dóibh a theacht abhaile ar cuairt ag a máthair agus í ar a cailleadh.

Bhí tuairisc an 5 Bealtaine 1934 ar an gCuradh Connachtach faoi chéilí a eagraíodh i mBaile Locha Riach ar mhaithe le Cumann na mBan. Luaitear ann ‘Misses C. Lally, Cosmona and E. Broderick, West Bridge, contributed a vocal duet entitled ‘The Soldiers of Cumann na mBan’. Níorbh aon scéal nua go raibh an amhránaíocht ag mamó, bhí guth álainn cine aici agus thaitníodh go mór léi amhrán a chasadh, ach b’ábhar mórtais don teaghlach a fháil amach gur chas sí ag ócáid den chineál sin. Tá le tuiscint ó fhianaise an tseanchais go mbíodh mamó ag cuidiú leo sin a bhí ar a gcaomhúint agus ag iompar teachtaireachtaí dá cuid uncailí agus a gcomrádaithe. Bhí sí docht daingean ar thaobh na poblachta go lá a báis an 11 Iúil 1994. Ba mhaith an rud go raibh fógra báis ar an mbíobla laethúil sin
aici – The Irish Press, páipéar nach fada ina dhiaidh sin gur dúnadh é. Cissie Lally, mo sheanmháthair, bhí sí aerach, diongbháilte, cuideachtúil a raibh grá aici dá tír dúchais agus  mórtas as a sinsir; agus tá mise mórtasach aisti.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.