Acmhainní Digiteacha Ar Fáil ón Leabharlann i gColáiste na Tríonóide

Patria McWalter

DRIS Trinity College, song book image
Digitalcollectionstcd.ie

Acmhainní Digiteacha agus Seirbhísí Íomháithe (DRIS)

Tá roinn leabharlainne nua forbartha ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, atá tiomanta, mar a thugann an láithreán gréasáin le fios ‘do bhailiúcháin dhigiteacha na leabharlainne, acmhainní digiteacha agus seirbhísí íomháithe a fhorbairt chun tacú le cur chun cinn taighde, scoláireachta agus oideachais acadúil‘.   Áirítear sa roinn nua, Acmhainní Digiteacha agus Seirbhísí Íomháithe (DRIS) chomh maith Bailiúchán Digiteach nua, a chuireann rochtain saor in aisce ar fáil do bhailiúcháin dhigiteacha leabharlainne na hollscoile.

Bailiúcháin Dhigiteacha

Tá os cionn 119,238 seoid sna Bailiúcháin Dhigiteacha atá ar fáil ag http://digitalcollections.tcd.ie/home/ lena n-áirítear leabhair, léarscáileanna, pictiúir, lámhscríbhinní agus grianghraif.

Bailiúcháin Shuimiúla

Tá go leor míreanna iontacha ar an láithreán, mar ghrianghraif agus paimfléid, lena n-áirítear cuid a bhfuil baint acu leis an tréimhse réabhlóideach in Éirinn idir 1913 agus 1923.

Páipéir de chuid Erskine Childers

Áirítear sa bhailiúchán seo (IE TCD MS 7890/8) grianghraif de náisiúnaithe agus polaiteoirí éagsúla a mhair an t-am céanna le Childers, daoine mar Éamon de Valera, Michael Collins, Arthur Griffith, WT Cosgrove agus daoine eile.   Léirítear iontu imeachtaí cosúil le ceann de na chéad cruinnithe a bhí ag an gcéad Dáil, toscaireacht Éireannach ag Sráid Downing, agus an tine ag na Ceithre Chúirt i 1922. Áirítear chomh maith grianghraif de Childers agus é ina bhuachaill agus ina fhear óg, lena bhean chéile agus lena chlann, agus le baill eile de mhuintir Childers agus Osgood, chomh maith le grianghraif de thurais seoltóireachta éagsúla sa ‘Sunbeam’ agus san ‘Asgard’.

Songs of Freedom: Easter, 1916’.

Is leabhar beag amhrán álainn é seo de chuid Samuels Collection of Printed Ephemera a deonaíodh don Choláiste sna 1960idí. Áirítear ann bailéid agus amhráin pholaitiúla a bhaineann le haimsir na Cásca 1916, mar shampla Our Faith, The Romance of Grace Gifford agus Who shall write the Ester story? i measc cinn eile. Tá dhá phaimfléad pholaitiúla sa bhailiúchán freisin dar dáta circa 1918, dar teideal Arthur Griffith: a study of the founder of Sinn Fein, and Is the Irish Party Nationalist? Our policy on the parliamentary question.

Póstaeir earcaíochta

Áirítear ar an láithreán chomh maith póstaeir earcaíochta éagsúla de chuid arm na Breataine don Chogadh Domhanda.

Cóipcheart

Tá na míreanna atá ar fáil ar an mBailiúchán Digiteach faoi chóipcheart srianta.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.