An Teanga Bheo

Nollaig 8ú, 2016 ag 2pm.

Ionad Pobail Bhaile Átha an Rí, Cumann Óige Átha an Rí, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe.

Gléasta mar a bhí! Cuirfidh Cumann Óige: Átha an Rí na héidí éagsúla ar taispeáint ag an phointe seo agus seolfar clár imeachtaí a bhéas ar siúl go háitiúil i mBaile Átha an Rí le linn 2016 ina mbeidh na héidí seo in úsáid. Mórshiúlta, drámaíocht, agallamh beirte is eile.


Eanáir-Nollaig 2016.

Leabharlanna Contae na Gaillimhe

Bailiúcháin Leabhar 1916: Méadóidh an tSeirbhís Leabharlainne an líon leabhair Ghaeilge ina bhailiúcháin in 2016. Cuirfear leabharliosta de leabhair ficsin agus neamhfhicsin Gaeilge i Leabharlanna Contae na Gaillimhe a bhaineann le gach gné de 1916 i dtoll a chéile, agus beidh sé ar fáil i ngach Leabharlann Brainse. Beidh Foilseacháin Ghaeilge a bhaineann le 1916 ar fáil i Leabharlanna na Gaillimhe in 016. Méadóidh Leabharlanna na Gaillimhe an líon leabhair Ghaeilge a bhaineann le 1916 ina gcroí-bhailiúchán.


Eanáir 2016.

Ar fud an Chontae

Scéim Tacaíochta Pobail do Thionscnaimh Ghaeilge do thionscnaimh/ghníomhaíochtaí scoileanna, eagraíochtaí pobail agus deonacha a chuireann úsáid na Gaeilge chun cinn nó a mhéadaíonn í ar fud Chontae na Gaillimhe agus i gcomhthéacs Chomóradh Céad Bliain 1916.


2016

Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh

Ag tacú le soláthar seirbhíse méadaithe trí Ghaeilge: Leanfar le irrachtaí feasacht ar ról na Gaeilge san údarás áitiúil a mhéadú in 2016 agus cuirfear ranganna Gaeilge ar fáil do chomhaltaí tofa agus don fhoireann i rith na bliana.


dátaí éagsúla (le deimhniú) amanna

éagsúla (le deimhniú)

Comóradh Fileata 1916: Sraith ócáidí agus ceardlanna filíochta sna ceantair Gaeltachta eagraithe ag Muintearas, bunaithe ar théama agus eachtraí Éirí Amach 1916. Déanfar poiblíocht ar na hócáidí sna meáin áitiúla nuair a bhéas dátaí agus am socraithe.


Earrach/Fómhair 2016

Ar fud an Chontae

Sraith Léachtaí ar an nGaeilge sna Leabharlanna: Reáchtálfar sraith cainteanna agus léachtaí faoin nGaeilge agus na saincheisteanna lena mbaineann i leabharlanna ar fud an Chontae chun ábhair stairiúla áitiúla a áireamh.


Márta 9ú, 2016 ag 1pm

Baile Chláir, Co. Galway

Stéibh 2016: Seolfar an CD Stéibh 2016 agus fógrófar torthaí an chomórtais mar aon le cúig thaibhiú bheo ó rannpháirtithe mar bhuaicphointe ar an gcomórtas scríbhneoireachta amhráin seo.


Márta 10ú, 2016 ag 2.30pm

Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh

Suim Thar lear sa Ghaeilge a Éascú: Sraith cainteanna ar an nGaeilge, ar oidhreacht agus ar stair Chontae na Gaillimhe do mhic léinn ar cuairt ó Chúrsa Chultúr Comhaimseartha agus Thraidisiúin na hÉireann in Ollscoil Pittsburgh tar éis a gcúrsa tumoideachais ar an gCeathrú Rua.


Márta 2016 – Seachtain na Gaeilge

Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh

Pacáistí Acmhainne Gaeilge – Príomhthionscadail Gaeilge: Forbróidh Comhairle Chontae na Gaillimhe Pacáistí Acmhainne Gaeilge chun treoir, leideanna praiticiúla agus eolas a thabhairt do scoileanna, grúpaí pobail agus cumainn spóirt maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn agus a bhreisiú ina n-eagraíochtaí agus maidir le pleananna gníomhaíochta Gaeilge a réiteach.


Márta 2016 – Seachtain na Gaeilge

Ar fud an Chontae

Seachtain na Gaeilge 2016: Sraith imeachtaí feasachta teanga ar fud an Chontae i rith Sheachtain na Gaeilge.


Earrach/Fómhair 2016

Béal Átha na Slua, Tuaim, An Clochán, Órán Mór agus Baile Locha Riach

Oícheanta Airneáin agus Gaeilge: Reáchtálfar sraith oícheanta cultúir, ceoil, filíochta agus próis Gaeilge in ionaid ar fud an chontae mar cheiliúradh ar an teanga bheo agus ar an gcultúr.


Márta 16ú, 2016 – 7pm-9pm.

Gairmscoil na bPiarsach, Ros Muc, Co. na Gaillimhe

An Piarsach i ré na nua- theicneolaíochta: Ócáid cheiliúradh ar litríocht an Phiarsaigh a chur i láthair ag scoláirí Ghairmscoil na bPiarsach, Ros Muc, ar bhealach nua-aimseartha thríd aithris filíochta, drámaíochta agus gearrscannaíochta.


Aibreán 2016.

Ar fud an Chontae

Tacú le cur chun cinn na Gaeilge: Tabharfar tacaíocht do ghrúpaí Gaeilge atá ag forbairt na teangan ina gceantar  i bhfoirm urraíochta ar  Ghradam Chomhairle Chontae na Gaillimhe i scéim náisiúnta gradaim Ghlór na nGael 2016.


Bealtaine 27ú-29ú 2016.

Amharclann na Seanscoile, An tSeanscoil, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

Féile Scannán na Réabhlóide 2016/ Revolution Film Festival 2016: Tá Club Scannán Sailearna ag reachtá féile scannán i gConamara mar chomóradh céad bliain ar Éirí Amach na Cásca 1916. Beidh scannáin Éireannacha faoin Éirí Amach agus Cogadh na Saoirse chomh maith le scannáin aitheanta idirnáisiúnta ar théama na réabhlóide á dtaispeáint thar thrí lá (20-22 Bealtaine) i 2016 in Amharclann na Seanscoile, Indreabhán, Co. na Gaillimhe. Beidh léachtaí agus seisiúin phlé le saineolaithe agus scannánóirí aitheanta ar an gcaoi a gcuirtear 1916 agus réabhlóidí i gcoitinne in iúl trí mheán na scannánaíochta. I measc na scannán a bheidh á dtaispeáint beidh Mise Éire (1959), Áille an Uafáis / A Terrible Beauty (2013), October -Ten Days That Shook the World (1928) agus The Battle of Algiers (1966). I measc na gcainteoirí atá deimhnithe beidh na saineolaithe staire agus scannáin Mary Harris, Gearóid Ó Tuathaigh agus Seán Crosson chomh maith le scannánóirí ar nós Bob Quinn.


Meitheamh-Lúnasa 2016.

Leabharlann na Ceathrú Rua, Leabharlann An Spidéil

Ócáidí i Leabharlanna: Imeachtaí liteartha na Gaeilge i Seirbhísí Leabharlainne le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge le scríbhneoirí/údair Ghaeilge.


Iúil 29ú-30ú, 2016.

Ros Muc, Co. na Gaillimhe

Reáchtálfar Scoil Samhraidh an Phiarsaigh, go bliantúil agus in 2016 fiosrófar ann saincheisteanna maidir le fís an Phiarsaigh don Ghaeilge agus an teanga a chothú, lena n-áireofar an Ghaeltacht, an Ghaeilge, Cearta Teanga, Cultúr agus Oideachas, etc.


Deireadh Fómhair 2016

Ar fud an Chontae

Gradaim an Chathaoirlaigh don Ghaeilge: Tabharfar aitheantas d’iarrachtaí a dhéanann  scoileanna  agus  grúpaí  pobail, sa  Ghaeltacht  agus  taobh amuigh den Ghaeltacht, chun úsáid sheach- churaclaim na hoidhreachta nó na Gaeilge a cheiliúradh, a chur chun cinn nó a mhéadú ina scoil nó ina gceantar I gcomhthéacs chomóradh céad bliain 1916.


Deireadh Fómhair 27ú, 2016.

Indreabhán, Co. na Gaillimhe

Tionscadal Scannánaíochta Scoileanna Gaeltachta BEO – Mo Thír, Mo Theanga, Mo Thodhchaí: Tionscadal scannánaíochta scoileanna ina ndéanann daltaí scoil náisiúnta scannánú, eagrú agus léiriú ar a dtuairimí faoina dtír, faoina dteanga agus faoina dtodhchaí i gcomhthéacs chomóradh céad bliain 1916.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.