Léiriú Cultúrtha

Márta–Meitheamh 2016

Le deimhniú ag brath ar iarratais rathúla

Scéim na nEalaíontóirí i Scoileanna: Tá an scéim oscailte do gach bunscoil i gContae na Gaillimhe. Is é is aidhm leis an scéim seo deis a thabhairt doleanaí oibriú le healaíontóir gairmiúil ar thionscadal aonuaire sna hamharcealaíona, damhsa, litríocht, drámaíocht, ceol, grianghrafadóireacht, scannán, etc., agus fócas ar leith ar chomóradh Éire 2016.


Márta–Meitheamh 2016

Le deimhniú ag brath ar iarratais rathúla

Scéim na Scríbhneoirí i Scoileanna: Tá Scéim na Scríbhneoirí i Scoileanna ar cheann de na cláir ealaíona san oideachas is faide sa tír agus tá sé á rith ag Filíocht Éireann agus á mhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon. Tugann an scéim páirtmhaoiniú do chuairteanna ó scríbhneoirí agus scéalaithe chuig bunscoileanna agus iar- bhunscoileanna agus díreoidh ar imeachtaí 1916 agus cuimhneofar orthu i roinnt scoileanna i gContae na Gaillimhe in 2016.


Bealtaine 5ú, 2016

Amharclann Theach an Stáisiúin, An Clochán, Co. na Gaillimhe

Maloney’s Dream/Brionglóid Maloney: Nuair a bhuail brionglóid fir amháin faoi thús nua le breith náisiúin: Seó nua dátheangach Branar do lucht féachana ó aois 8 mbliana agus níos sine atá socraithe in aghaidh chúlra imeachtaí stairiúla  Aibreán 1916. Fiosraítear tionchar na réabhlóide ar shaol an ghnáthdhuine sa seó. Roimh na taibhithe, seolfaidh Branar suíomh gréasáin a bheidh mar acmhainn do mhúinteoirí agus daltaí chun 1916 a fhiosrú sa seomra ranga www.maloneysdream.ie


Bealtaine 2016

Tuilleadh faisnéise agus nuashonruithe ar fáil ar www.galway.ie/bealtaine nó ar leathanach Facebook Galway Age Friendly

Féile na Bealtaine 2016: Baineann mí na Bealtaine le féile na Bealtaine, nuair a léiríonn na mílte duine scothaosta a mbuanna agus a gcruthaitheacht. Oibreoidh Comhairlí Contae agus Cathrach na Gaillimhe le chéile chun Féile na Bealtaine a chomhordú don Chathair agus don Chontae in 2016. Tabharfar cuireadh do ghrúpaí gníomhaíocht nó imeacht a reáchtáil i rith mhí na Bealtaine lena n-áirítear siúlóidí stairiúla, taispeántais ealaíne, ceardlanna péintéireachta, sceitseála agus cré, seisiúin cheoil agus ceolchoirmeacha, taispeántais amharclannaíochta agus scannán, lena n-áirítear imeachtaí agus níomhaíochtaí a bhaineann le téamaí ár gClár Comórtha Céad Bliain.


Meitheamh 13ú-19ú, 2016

Béal Átha Mó, Co. Na Gaillimhe & Cathar na Gaillimhe

Éamonn Ceannt, Seisiúin na Gaillimhe: I gcomhair le Seisiúin na Gaillimhe agus píobairí uilleann agus mála is mó le rá as Éirinn, Albain, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, déanfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe comóradh ar shaol agus ar shaothar Éamoinn Ceannt, as Béal Átha Mó, Co. na Gaillimhe, sínitheoir le Forógra 1916, ceannaire in Éirí Amach 1916, píobaire agus ball bunaithe de Na Píobairí Uilleann.


Lúnasa 2016

Ar fud an Chontae

Seachtain Oidhreachta 2016: Ceiliúradh seachtaine ar oidhreacht nádúrtha, chultúrtha agus thógtha na Éireann ina reáchtálann go leor eagraíochtaí oidhreachta áitiúla agus náisiúnta imeachtaí speisialta ar fud na tíre is ea an tSeachtain Oidhreachta. Clúdaíonn na himeachtaí seo raon leathan suimeanna, le gach rud ó ghníomhaíochtaí taobh amuigh go léachtaí go ceadail cheoil agus léirithe aithrise stairiúla. Beidh Oifig Oidhreachta Chomhairle Chontae na Gaillimhe ag reáchtáil roinnt imeachtaí 2016 i gcomhpháirt le pobail áitiúla ar fud an chontae i rith na seachtaine sin, lena n-áirítear imeachtaí a bhaineann le téamaí an Chláir Comórtha Céad Bliain.


Meán Fómhair 2016

Oíche Chultúir 2016: Beidh an Oíche Chultúir ar siúl an tríú hAoine mí Mheán Fómhair ó timpeall 2pm go dtí deireanach san oíche! In 2016, úsáidfidh Comhairle Chontae na Gaillimhe an maoiniú atá ar fáil ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta chun an Oíche Chultúir a chomhordú do Chontae na Gaillimhe agus éascóidh siad ealaíontóirí, grúpaí agus eagraíochtaí chun imeachtaí a reáchtáil ar an Oíche Chultúir, lena n-áirítear imeachtaí nach bhfuil ceangal ar bith acu le téamaí ár gCláir Comórtha Céad Bliain.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.