Searmanais

2016

Ros Muc, Co. na Gaillimhe

Osclófar go hoifigiúil an t-ionad cultúrtha nua ag Teach an Phiarsaigh, Ros Muc, a thabharfaidh réamhrá ó thaithí don Ghaeilge agus don chultúr agus timpeallacht Ghaeltachta áitiúil, ag díriú ar an bPiarsach agus ar a chaidreamh le Ros Muc.


Aibreán 25ú, 2016 ag 1pm

Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh

Searmanas ag Áras an Chontae lena n-áireofar an Forógra a léamh, nóiméad ciúnais, an Ghairm Dheiridh a shéideadh, an Bhratach Náisiúnta a ardú, Reveile agus an tAmhrán Náisiúnta.


Aibreán 26ú, 2016 ag 10.30am

An Carn Mór, Contae na Gaillimhe agus Reilig an Bhóthair Mhóir, Cathair na Gaillimhe

Nochtadh cloch chomórtha sa Charn Mór, an áit a raibh an cath idir Óglaigh an Chaisleáin Ghearr agus Bhaile Chláir agus RIC inar bhásaigh an Constábla Patrick Whelan, an t-aon duine a cailleadh san Éirí Amach i gContae na Gaillimhe. Tar éis an chloch chomórtha a nochtadh beidh searmanas fleascleagain ag uaigh an Chonstábla Patrick Whelan i Reilig an Bhóthair Mhóir. Treoróidh Cathaoirleach Chontae na Gaillimhe agus Méara Chathair na Gaillimhe le chéile an fleascleagan agus nochtadh na cloiche comórtha.


Bealtaine 21ú, 2016 ag 7pm

Leabharlann Bhéal Átha na Sluaighe, Sráid an Chumainn, Béal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe

Reáchtálfaidh Cathaoirleach Chontae na Gaillimhe agus Comhaltaí de Chomhairle Chontae na Gaillimhe fáiltiú do ghaolta na ndaoine a bhí páirteach in imeachtaí Éirí Amach 1916 i gContae na Gaillimhe chun tús a chur le Seirbhís Idirchreidimh a mbeidh na príomheagraíochtaí creidimh páirteach ann agus clár ceoil agus filíochta a mbeidh gné stairiúil leis.


Nollaig 14ú, 2016 ag 6pm

Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh

Reáchtálfar imeacht, arna óstáil ag Cathaoirleach Chontae na Gaillimhe agus Comhaltaí Chomhairle Chontae na Gaillimhe, chun ceiliúradh a dhéanamh ar chríoch Chlár Comórtha Céad Bliain 1916/2016 do Chontae na Gaillimhe.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.