Machnamh ar an Stair

Deireadh Fómhair 17ū, 2015 – 9.30am-5pm

Halla na Measarthachta, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe

Comhdháil Stair Thírdhreach Míleata Athraitheach na Gaillimhe le reáchtáil i gcomhpháirt le Grúpa Cuimhneacháin Bhaile Locha Riach: Pléifear ábhair mar seo a leanas ag an gcomhdháil: ‘Aitheantas a thabhairt d’fhir agus do mhná cheantar Bhaile Locha Riach   a throid agus a thug seirbhís i gcogaí agus dóibh siúd a tháinig ar ais’. ‘Éirí Amach 1916 i gContae na Gaillimhe’; ‘An chúis ar theip ar Éirí Amach 1916 i mBéal Átha na Sluaighe’; ‘Gaillimh agus an Cogadh Mór: An tSochaí agus an Pholaitíocht’; ‘Patrick Moran, Garda Éireannach agus Taismeach Cogaidh: Cúiseanna agus Iarmhairtí’; ‘Ag cuardach faisnéise maidir leis an Saighdiúir Singil Patrick Comer’ agus ‘Tuaim faoi Cháisc 1916’.


Samhain 2ū, 2015 ag 7pm

Leabharlann Uachtar Ard, an Phríomhshráid, Uachtar Ard, Co. na Gaillimhe, agus leabharlanna éagsúla Ar fud an Chontae

Seolfaidh Leabharlanna Contae na Gaillimhe a Léamh Mór Dreams on Paper: The Walter Macken Era mí na Samhna 2015. Díreoidh sé ar shaothar iomad agus éagsúil an scríbhneora cháiliúil as Gaillimh, Walter Macken; a ndéantar ceiliúradh ar chéad bliain ó rugadh é in 2015. Áireofar sa Léamh Mór chomh maith sraith cainteanna ina scrúdófar agus ina bhfiosrófar imeachtaí, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, a raibh tionchar acu ar shaol an “ghnáthfhir” i nGaillimh timpeall ar an am a rugadh Macken. Fiosrófar athruithe agus forbairtí i nGaillimh sna léachtaí ó roinnt dearcthaí, ar nós na ngnéithe sóisialta, cultúrtha agus polaitiúla.


Nollaig 3ū, 2015 ag 6pm

Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh

Tabharfaidh an foilseachán Cumann na mBanDiminsin Chontae na Gaillimhe: léargas ar bhunús eagraíocht Chumann na mBan, an ról a bhí ag an eagraíocht i 1916 agus i ngníomhaíochtaí frithchoinscríofa. Tabharfar cuntas gairid ar ról Chumann na mBan mar eagraíocht tacaíochta le tacú leis na hÓglaigh i rith Chogadh na Saoirse mar aon lena ról i rith an Chogaidh Chathartha. Déanfar scrúdú ann ar na nithe a scríobhadh i nuachtáin na Gaillimhe faoin eagraíocht sa chontae mar aon le cuntas gairid a thabhairt ar mhná cosúil leis an Dr Ada English, Alice Cashel agus Ava O’Flaherty a bhí gníomhach san eagraíocht.


Eanáir-Nollaig 2016

Leabharlanna Chontae na Gaillimhe

Bailiúcháin Leabhar 1916: Cuirfear leabharliosta de leabhair ficsin agus neamhfhicsin i Leabharlanna Contae na Gaillimhe a bhaineann le gach gné de 1916 i dtoll a chéile, agus beidh sé ar fáil i ngach Leabharlann Brainse. Beidh leabhair a bhaineann le 1916 ar fáil i Leabharlanna na Gaillimhe in 2016.


Eanáir-Nollaig 2016

Ar fud an Chontae

Scéim Tacaíochta Pobail don Oidhreacht: Tabharfaidh Scéim Tacaíochta Pobail don Oidhreacht 2016 cúnamh airgeadais chun tacú le tionscnaimh agus le gníomhaíochtaí oidhreachta eagraíochtaí pobail agus chun iad a chur chun cinn, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le comóradh céad bliain Éirí Amach 1916.


Eanáir 1ū, 2016 ag 1.30pm

Taistealóidh an taispeántas chuig ionaid éagsúla ar fud an chontae i rith na bliana, lena n-áirítear Inis Bó Finne, Áth Cinn, Uachtar Ard agus an Dún Mór

Ón gCartlann, 1916; Réabhlóid agus Athchuimhne: Taispeántas taistil ina mbeidh réimse beag ábhar ó bhailiúcháin chartlainne éagsúla a bhfuil nasc acu le contae na Gaillimhe nó a bhfuil comhthéacs acu ag baint le himeachtaí nó le daoine a bhí páirteach san Éirí Amach nó a dhéanann tagairt dóibh.


Eanáir 28ū, 2016 ag 2pm

Leabharlann Thuama, An tSráid Ard, Co. na Gaillimhe

Suíomh Gréasáin agus Tionscadal Mapála Cuimhne do Dheich mBliana na gCuimhneachán: Gniomh de Deich mBliana  gChuimhneacháin  2013-2023 Straitéis Chuimhneacháin do Chontae na Gaillimhe is ea an suíomh gréasáin agus an tionscadal mapála cuimhne seo. Tugadh faoi mar thionscadal comhpháirtíochta idir Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Ard- Mhúsaem na hÉireann. Suíomh gréasáin ‘cartlann phobail’ is ea an tionscadal a thugann le chéile flúirse grianghraf, cuimhní, stair mhuintire, cáipéisí stairiúla agus taighde a bhaineann leis an tréimhse idir 1913-1923 i stair an chontae. Beidh áis ar an suíomh gréasáin don diaspóra agus do dhaoine eile a bhfuil faisnéis acu cur go díreach leis an suíomh gréasáin, a chuirfidh ar a chumas ábhar nua a aimsiú agus cartlann shaibhir agus éagsúil faoin saol sa ré sin dár stair a chruthú.


Eanáir 28ū, 2016 ag 3pm

Leabharlann Thuama, An tSráid Ard, Co. na Gaillimhe

Éirí AMach na Gaillimhe: Céard a dúradh sna PáipéirÓstálfaidh Leabharlanna Contae na Gaillimhe Blag ar 1916, ina gcuirfear i láthair rogha éagsúil ceannlínte ó nuachtáin áitiúla mar a tuairiscíodh i rith na bliana 1916. Léireoidh na hailt a fheicfear ann na himeachtaí ar fad mar a taifeadadh iad.


Feabhra 4ū, 2016 ag 6pm

Lárionad Theach na mBocht, Port Omna, Co. na Gaillimhe

Cártaí Poist Cuimhneacháin ón gCartlann: I dtreo na réabhlóide, bailiúchán de cháipéisí cartlainne ó 1914 agus níos faide anonn ná 1916 arna chur i láthair i bhfoirm chárta poist, chun na rudaí a tharla roimh imeachtaí 1916 agus na hiarmhairtí a bhí leo a léiriú, mar aon le croineolaíocht imeachtaí i nGaillimh i rith sheachtain na Cásca. Taispeánfar Mise Éire tar éis an tseolta.


Feabhra 10ū, 2016 ag 6pm

Seoladh i Leabharlann Bhaile Locha Riach, Sráid na hEaglaise, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe agus léamh agus cainteanna i roinnt leabharlann ar fud an Chontae

Reáchtálfaidh agus seolfaidh Leabharlanna Contae na Gaillimhe léachtaí agus sraith ceardlann forbartha feasachta san earrach agus san fhómhar ar fud an chontae le haghaidh Léamh Mór na Gaillimhe, 2016. Déanfar scrúdú sa léitheoireacht earraigh dar teideal 1916: Turas liteartha trí pheann údair na hÉireann agus tabharfar léargas foriomlán a do scríbhneoireacht ó údair na hÉireann, idir áitiúil agus náisiúnta, ag díriú ar léirithe ar Éirí Amach na Cásca agus ar an saol i rith na tréimhse sin. Déanfar scrúdú i Léamh Mór an fhómhair, dar teideal, Litríocht Bheo: scríbhneoireacht ón gcliabhán go dtí an uaigh ar litríocht agus ar an saol ón óige go seanaois, na glórtha ciúine agus ceannasacha sa tsochaí i rith na ré réabhlóidí.


Feabhra 19ū-21 ū, 2016

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh Bóthar na hOllscoile, Gaillimh

Comhaltas na gCumann Staire, Comhdháil Bhliantúil 2016Déanfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe urraíocht ar dhuais agus foilseofar an páipéar is fearr i ndáil le stair Chontae na Gaillimhe i rith thréimhse Éirí Amach 1916, arna chur i láthair ag Comhdháil Bhliantúil 2016 Chomhaltas na gCumman Staire. Is í an Chomhdháil seo an t-aon imeacht trasteorann arna eagrú agus arna threorú ag daltaí dá chineál agus traidisiún breá aici cainteoirí a mhealladh ó raon ollscoileanna na hEorpa agus Mheiriceá, ar aon le scoláirí áitiúla, neamhspleácha.


Feabhra 26ū, 2016 ag 5pm

Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh agus ionaid éagsúla ar fud Chontae na Gaillimhe i rith 2016

Ó Stát Coilíneach go Saorstát, na Rudaí a Dúirt Siad: Cruthóidh agus coimeádfaidh Cartlanna Chomhairle Contae na Gaillimhe taispeántas taistil. Tógtha go príomha ó mhiontuairiscí Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus Chomhairle na Dúiche Tuaithe, léireoidh an taispeántas meon agus obair Chomhairle Chontae na Gaillimhe idir 1913 agus 1923, ag díriú ar an tréimhse ríthábhachtach tar éis Éirí Amach 1916. Léirítear in ábhar agus ton na miontuairiscí an meon aigne polaitiúil agus sóisialta ag an am. Táthar ag súil go mbeidh an dearcadh seo ar an tréimhse chorraitheach sin in Éirinn faisnéiseach agus ina acmhainn chabhrach dóibh siúd a bhfuil suim acu i bhfoghlaim faoin gcaoi ar amharc agus ar fhreagair Contae na Gaillimhe agus a mhuintir d’imeachtaí fad is ar tharla siad.


Márta 3ū, 2016

Droichead an Chláirín, Co.na Gaillimhe

1916 – Cuimhní Droichead an Chláirín: Cuimhní Cinn – Déanann pobal Dhroichead an Chláirín machnamh ar a rannpháirtíocht in Éirí Amach 1916 lena n-áirítear léiriú aithrise ar an ionsaí ar Bheairic RIC luath Dé Máirt de Sheachtain na Cásca 1916.


Márta 30ū, 2016 ag 6pm

Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh

Machnamh Céad Bliain ar Éirí Amach 1916: Dearcadh Chontae na   Gaillimhe. Tabharfaidh an foilseachán dátheangach seo léargas luachmhar don léitheoir maidir le hÉirí Amach 1916 i gContae na Gaillimhe. Scrúdófar chomh maith na cúinsí sóisialta agus geilleagair sa chontae sa tréimhse sin, mar aon le himirce, bonneagar agus cuntas ar roinnt de na ceannairí a bhí páirteach san Éirí Amach cosúil le Liam Ó Maoilíosa agus Tom Kenny. Mar aon leis sin beidh cuntas ar Éamonn Ceannt agus ar Phádraig Mac Piarais mar aon le cuimhneachán ar 1916 sa chontae.


Márta 30ū, 2016 ag 6pm

Galway Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh

Mapa Comórtha ar an Éirí Amach i gContae na GaillimheTáirgfear mapa comórtha ar a léireofar suíomhanna tábhachtacha a bhain leis an Éirí Amach i gContae na Gaillimhe. Seachadfar an mapa seo go forleathan ar fud an chontae.


Aibreán 29ū, 2016 – 10am-5.30pm

Contae na Gaillimhe: Rian Oidhreachta Éirí Amach 1916 le seoladh oifigiúil sa Ghort

Contae na Gaillimhe – Rian Oidhreachta Éirí Amach 1916 Tionscadal comhoibritheach idir Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Roinn Oidhreachta & Turasóireachta in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe- Mhaigh Eo. Déanfar doiciméadú ar shuíomhanna éagsúla i gContae na Gaillimhe a bhaineann le hÉirí Amach 1916 agus leis na daoine a bhí páirteach san Éirí Amach agus cuirfear bileog eolais ar fáil a thabharfaidh léargas don léitheoir/chuairteoir ar imeachtaí, ar áiteanna agus ar dhaoine a bhain leis an Éirí Amach i gContae na Gaillimhe. Áireofar le seoladh an riain turas treoraithe ar na suíomhanna éagsúla i gContae na Gaillimhe a bhaineann le hÉirí Amach 1916.


Bealtaine 2ū, 2016

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh Bóthar na hOllscoile, Gaillimh.

Éirí Amach 1916 na Gaillimhe – Ina Lorg: Imeacht a rianóidh roinnt d’imeachtaí Cháisc 1916 i gContae na Gaillimhe, lena n-áirítear  léirithe  aithrise  ag láithreacha a bhfuil suntasacht stairiúil ag baint leo bunaithe ar Chontae na Gaillimhe: Rian Oidhreachta Éirí Amach 1916.


Bealtaine 8ū, 2016

Béal Átha Mó, Co. na Gaillimhe

Reáchtálfar Siompóisiam Éamoinn Ceannt ar chothrom céad bliain bhás Éamoinn Ceannt i mBéal Átha Mó, Co. na Gaillimhe. Déanfar scrúdú sa siompóisiam ar ghnéithe éagsúla de shaol Ceannt, lena n-áirítear a bhallraíocht i gConradh na Gaeilge agus gurbh é a chomhbhunaigh Cumann na bPíobairí le Edward Martyn agus a ról in Éirí Amach 1916.


Bealtaine 2016

Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh

Aghaidh Athraitheach na hÉireann, 1916 agus níos faide anonn i dtaifeadtaí grianghraif agus fuaimeIs é a bheidh anseo, grianghraif a bhailiú agus scéalta a thaifeadadh maidir leis an saol le 100 bliain anuas trí ghréasán na scoileanna i gContae na Gaillimhe. Seachadfar é trí thionscadal Cartlanna Digiteacha Oidhreachta Áitiúla scoilbhunaithe BEO. Is iad na comhpháirtithe leis an tionscadal an Insight Centre for Data Analytics in OÉ Gaillimh, Ionad Oideachais na Gaillimhe, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus na scoileanna rannpháirteacha.


Bealtaine-Meitheamh, 2016

Ionad Cuairteoirí Chath Eachroma, Eachroim, Béal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe

Óstálfaidh Ionad Cuairteoirí Chath Eachroma, a bhfuil gradaim buaite aige, taispeántas d’earraí cuimhneacháin agus déantáin ó thréimhse 1916 ó Bhailiúchán Martin Joyce. Tabharfaidh an taispeántas léargas ar thréimhse 1916 sa cheantar.


Meitheamh 10ū-11ū, 2016

Campas Uí Mhaoilíosa, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe.

Feirmeoireacht agus Saol na Tuaithe 1916- 2016: Arna óstáil ag Teagasc agus Comhairle Contae na Gaillimhe i gcomhpháirt le heagraíochtaí feirmeoireachta agus le pobail áitiúla, léireoidh an t-imeacht athruithe ar an bhfeirmeoireacht agus ar shaol na tuaithe ó 1916 go 2016. Tabharfaidh sé sárthaispeántas ar thalamh agus úinéireacht talún, meicniú, beostoc agus teaghlach feirme agus saol na tuaithe, bia agus ceardaíocht mar aon le tírdhreach agus oidhreachta athraitheach.


Meán Fómhair 2016

Ar fud an chontae

Gradam Pobail an Chathaoirligh 2016 – Oidhreacht: Tabharfaidh Gradam Pobail an Chathaoirligh 2016 don Oidhreacht aitheantas do na hiarrachtaí atá déanta ag grúpaí pobail chun taighde, taifeadadh agus cur chun cinn a dhéanamh ar oidhreacht a gceantair, agus gníomhaíochtaí áirithe a rinne grúpaí pobail i ndáil le comóradh céad bliain Éirí Amach 1916 i gContae na Gaillimhe a thabhairt san áireamh.


Meán Fómhair 21ū, 2016 ag 11am

Béal Átha Mó, Co. na Gaillimhe

Beidh Gairdín Comórtha Éamoinn Ceannt tiomanta do chuimhne Éamoinn Ceannt agus forbróidh Comhairle Chontae na Gaillimhe é i gcomhpháirt le Pobal Bhéal Átha Mó. Dearfaidh Kay Synott, Galway Living Gardens, an gairdín agus spás fabhrach do bhithéagsúlacht a bheidh ann a thabharfaidh aird ar Thionscnamh Ghlór na Cásca.


Deireadh Fómhair 15ū, 2016 ag 10.30am

Leabharlann Bhéal Átha na Sluaighe, Sráid an Chumainn, Béal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe

Seimineár: Ról na mBan i 1916 le fócas ar leith ar Chumann na mBan: Forbrófar an seimineár seo i gcomhpháirt le grúpa oidhreachta áitiúla i mBéal Átha na Sluaighe a oibríonn chun saol Ada English, ball de Chumann na mBan a chur chun cinn. Déanfar plé sa seimineár seo ar Chumann na mBan – an eagraíocht, an ról a bhí ag Cumann na mBan i 1916 agus féachfar ar shaolta roinnt dena príomhbhaill i gContae na Gaillimhe.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.