Rannpháirtíocht Phobail

Le deimhniú

Ag an Gairdín Cuimhneachain, Na Forbacha, Co na Gaillimhe

Gairdin Cuimhneacháin agus Comórtha 1916 sna Forbacha: Oscailt Oifigiuil ar an nGairdín agus comóradh 1916.


Eanáir 1ú 2016-Nollaig 31ú 2023

Músaem Bhaile Chláir, An Ruán Mór, Baile Chláir, Co. na Gaillimhe

Músaem Bhaile Chláir: Óstálfaidh Cumann Staire agus Cultúrtha Bhaile Chláir taispeántas do chomóradh 1916. Rithfidh sé ar feadh bliain iomlán agus chomh fada le 2023 ag Músaem Bhaile Chláir, an Ruán Mór.

Beidh taispeántas ann faoin gConstábla Patrick Whelan arbh é an chéad duine é a maraíodh taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath ag Crois an Chairn Mhóir, agus an Captaen Tom Ruane, fear as an bparóiste a bhí ina fhigiúr ceannasach ó 1916 go 1922.

Beidh taispeántas earraí cuimhneacháin ón áit ann, píosaí as nuachtáin áitiúla, pictiúir ón am, mar aon le scéalta áitiúla faoi na rudaí a tharla sa cheantar.


Eanáir–Nollaig 2016

Béal Átha Mó agus Dúiche, Co. na Gaillimhe

Éamonn Ceannt: Comóradh 1916 – 2016: Reáchtálfar sraith Imeachtaí Cultúrtha agus Pobail i rith 2016, chun onóir a léiriú don mhéid a rinne Éamonn Ceannt, fear as Béal Átha Mó agus sínitheoir an Fhorógra.


Márta 27ú 2015 ag 12.30pm

Eaglais na Deastógála, Tuaim, agus ag Séadchomhartha 1966, Sráid an Easpaig, Tuaim, Co. na Gaillimhe.

Plaic Chuimhneacháin: Tar éis an Aifrinn in Eaglais na Deastógála, Tuaim, deanfar plaic chuimhneacháin a nochtadh ag séadchomhartha nua- athchóirithe do 1916 i dTuaim.

I rith an tsearmanais nochtaithe.léifidh daltaí scoile áitiúla an Forógra os ard i nGaeilge agus i mBéarla, mar a tharla ag an gcomóradh 50 bliain i 1966.


Earrach 2016

Scoil Náisiúnta Chill Tiarnáin, Cill Cholgáin, Co na Gaillimhe. www.kilteirnanschool.ie

Oscailt Oifigiúil ‘Ghairdín an Mhachnaimh’ chun comóradh a dhéanamh ar spiorad 1916 i bhfocail fhorógra na Poblacht “comhchúram a dhéanamh do chlann uile an náisiúin”.


Márta 5ú-12ú 2016

Teach Cúirte Uachtar Ard, an Phríomhshráid, Uachtar Ard, Co. na Gaillimhe

Side by Side Taispeántas Ealaíne/Cartlainne agus Siompóisiam: Díríonn an t-imeacht seo ar chuimhneamh, ceiliúradh agus samhlú a dhéanamh trí bhéim nua ar ábhair amhairc agus téacs reatha agus bunaidh.

Side By Side – Kathleen Furey: Taispeántas d’íomhánna colláise agus tagartha péintéireachta agus cáipéisí ó bhailiúcháin phoiblí agus phríobháideacha agus cuimhní.


Márta 8ú 2016 ag 11am–1pm.

Teach Cúirte Uachtar Ard, an Phríomhshráid, Uachtar Ard, Co. na Gaillimhe.

Crosa agus Suaitheantais: Ceardlann Phraiticiúil Ealaíne agus Ceardaíochta arna héascú ag Kathleen Furey, Amharcealaíontóir.


Márta 11ú 2016 ag 10am–1pm

Teach Cúirte Uachtar Ard, an Phríomhshráid, Uachtar Ard, Co. na Gaillimhe.

Léacht: Ealaín/Cartlanna in Iarthar na hÉireann: Foinsí amhairc agus téacs agus comhthéacsanna na tréimhse le Mary Clancy, Léachtóir, OÉ Gaillimh.

Ealaíontóir/Staraí: Caint le léaráidí, Kathleen Furey, Amharcealaíontóir Reáchtálfar dhá cheardlann phraiticiúla ealaíne/ceardaíochta go háitiúil i rith 2015/2016. Ceann don Tionscadal Malartaithe Scileanna uachtarARTS agus ceann eile le grúpa pobail eile.


Márta 27ú, 2016 ag 12.45pm

Arus Uilinn, Bóthar an tSéipéil, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe.

Cuimhneamh ar 1916 agus ar Chogadh na SaoirseNochtadh scrolla comórtha le taispeáint go buan chun comóradh a dhéanamh orthu siúd a bhí páirteach in Éirí Amach 1916 ó cheantar Mhaigh Cuilinn.


Márta 27ú, 2016 ag 12.30pm

Eaglais na Deastógála, Tuaim, agus ag Séadchomhartha 1966, Sráid an Easpaig, Tuaim, Co. na Gaillimhe.

Plaic Chuimhneacháin: Tar éis an Aifrinn in Eaglais na Deastógála, Tuaim, deanfar plaic chuimhneacháin a nochtadh ag séadchomhartha nua- athchóirithe do 1916 i dTuaim. I rith an tsearmanais nochtaithe.léifidh daltaí scoile áitiúla an Forógra os ard i nGaeilge agus i mBéarla, mar a tharla ag an gcomóradh 50 bliain i 1966.


Márta 28ú, 2016 ag 10.30am

Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe.

Gairdín Comórtha Bhaile Átha an Rí: Beannacht idirchreidmheach agus oscailt Ghairdín Comórtha 1916, áit a ndearna Liam Ó Maoilíosa agus a Oifigigh pleananna don Éirí Amach agus ina dhiaidh sin, taispeánfar grianghraif agus earraí cuimhneacháin.


Seachtain na Cásca 2016

Cruinniú ag Gairdín Comórtha 1916, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe.

Rothaíocht Chomórtha 1916 Bhaile Átha an Rí: Leanfaidh na Rothaithe an bealach a chuaigh na hÓglaigh i rith Sheachtain   na Cásca 1916 ó Bhaile Átha an Rí chuig Coláiste Liam Uí Mhaoilíosa agus ar aghaidh chuig Caisleán Mhaigh Fhód agus ar aghaidh sin chuig Caisleán Bhaile na Creige.


Domhnach Cásca 12pm

Séipéal agus Gairdín Cuimhneacháin Naomh Muire,  an Creagán, Co. na Gaillimhe.

An Creagán; Cuimhní Cinn: Nochtadh agus beannú plaice ag Gáirdín Chuimhneacháin Shéaipéal Mhuire.


Seachtain na Cásca 2016

Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe.

Gaolta agus Cairde Bhaile Átha an Rí 1916: Cuirfear clárscéil a bhfuil suim staire áitiúil leo ag áiteanna tábhachtacha a bhaineann le hÉirí Amach 1916 timpeall ar Bhaile Átha an Rí.


An Cháisc 2016

Músaem Leacaigh.

Seoladh an dlúthdhiosca 1916 The Music of the Time and Parish ar a bhfuil ceol ó 1916 le hoíche cheoil le ceoltóirí ón bparóiste.


Seachtain na Cásca 2016

Baile na Creige, Ard Raithin, Co na Gaillimhe

Plaic Chuimhneacháin ag Baile na Creige, Ard Raithin: Tógfar plaic ag Baile na Creige, Ard Raithin mar chomóradh ar Bhriogáid na Gaillimhe d’Óglaigh na hÉireann a díscaoileadh ag Baile na Creige an 29 Aibreán 1916 faoi cheannaireacht an Cheannfoirt Liam Uí Mhaoilíosa tar éis a bheith páirteach in Éirí Amach na Cásca.


Domhnach Cásca

Ionad Pobail Chill Fhir Iarainn, Bearna Dhearg, Co. na Gaillimhe.

Seoladh Leabhrán Cuimhneacháin ar Stair Mhíleata: Leabhrán cuimhneacháin ina leagfar amach stair mhíleata áitiúil  sa tréimhse idir 1916-1923 a bhaineann le paróiste Chill Fhir Iarainn.


Domhnach Cásca

Sráidbhaile na Seaneaglaise, an Gort, Co. na Gaillimhe

Siúlóid Chomórtha: Siúlóid Chomórtha ó ‘Phlota Poblachtach’ na reilige chuig Loughnane Forge le caint stairiúil i gcuimhne ar na fir áitiúla a bás i rith an éirí amach. Beidh taispeántas earraí cuimhneacháin ón bpobal áitiúil ar taispeáint i Loughnane Forge ar an lá agus beidh tráth na gceist ann do leanaí maidir le heolas ar imeachtaí an ama.


Aibreán 2ú, 2016 ag 4pm

An Mullach Mór, Maigh Locha Béal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe 

Seoladh Eallach an Mhullaigh Mhóir: Léiriú aithrise ar sheoladh eallach an Mhullaigh Mhóir a tharla seachtain na Cásca 1916 agus nochtadh plaic chloiche chomórtha.


Aibreán 15ú, 2016 ag 7:30pm

Ionad Oidhreachta Bhaile Átha an Rí, St. Mary’s, an Chearnóg, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe.

Dhá Aspal Déag Bhaile Átha an Rí: Déanfar cur síos san imeacht ar imeachtaí Éirí Amach 1916 i mBaile Átha an Rí a bhfuil baint speisialta acu leis na fir ar a dtugtar ‘andá aspal déag’ go háitiúl.

Cuireadh na fir seo sa phríosún mar gheall go raibh siad páirteach in Éirí Amach Bhaile Átha an Rí agus cruthóidh an t-imeacht amlíne don lucht féachana chun imeachtaí an ama a thuiscint. Sárthaispeántas a bheidh sa tráthnóna chomh maith d’athachtóir áitiúil chun airm, éadaí agus ciondálacha Óglach a thaispeáint. Beidh éide príosúin duine den dá dhuine dhéag, Thomas Barrett, ar taispeáint chomh maith.

Beidh clárscéil agus taispeántais eile ann a rithfidh go dtí deireadh mhí an Mheithimh 2016.


Aibreán 28ú – Bealtaine 2ú, 2016

McCarthy’s Cill Bheaganta, Co. na Gaillimhe.

Stair Bheo Chill Bheaganta Ár nOidhreacht a Aisghabháil: Ag Cuimhneamh ar 1916 agus na hiarmhairtí: nochtadh cloch / plaic chomórtha agus deireadh seachtaine imeachtaí lena n-áirítear cainteanna ó staraithe áitiúla Sister de Lourdes Fahy agus Cormac Ó Comhraí i measc daoine eile le damhsa agus dráma chun comóradh a dhéanamh ar mhuintir an pharóiste a bhí páirteach i 1916 agus na hiarmhairtí a bhí leis.


Meán Fómhair 19ú, 2015 – meán lae go meán oíche

Bunaithe timpeall ar Halla an Bhaile.

Béal Átha na Sluaighe – Athshamhlú: Bain taitneamh as radhairc agus fuaimeanna Bhéal Átha na Sluaighe i 1915. Feic saol laethúil na ngrúpaí sóisialta éagsúla a chónaigh agus a d’oibrigh sa cheantar.

Athchruthaíonn aisteoirí áitiúla an t-atmaisféar agus tugtar cuireadh duit saol a chaitheamh leo 100 bliain ó shin. Cuardaigh d’áiléar nó na siopaí seanré áitiúla chun do chuid éadaí féin don lá a fháil.

Beidh camógaíocht agus peil, puipéid agus cúinne leanaí le bréagáin agus cluichí, amhránaithe sráide, ceoltóirí agus damhsóirí, agus bainis sochaí agus taispeántas seanré ar an lá. Léigh na nuachtáin áitiúla, buail le haíonna áitiúla cosúil le Dinny Delaney agus figiúirí náisiúnta lena n-áirítear Art Ó Gríofa, Douglas de hÍde agus Liam Ó Maoilíosa. Cuir críoch leis an lá le seisiún bríomhar amhránaíochta, damhsa agus ceoil in Óstán Gullane.

Tá na céadta fear áitiúla imithe le troid san Eoraip agus tá grúpa eile chun troid sa bhaile. Ach téann an saol ar aghaidh mar is gnách d’fhormhór mhuintir oirthear na Gaillimhe.

Imeacht comhoibritheach é seo a thabharfaidh raon leathan suimeanna agus eagraíochtaí sa cheantar le chéile.


16 Deireadh Fómhair 2016

Ionad Pobail Bhaile an Doirín, Co. na Gaillimhe.

Tigh Reoin – Beidh nasc 1916 bunaithe ar Thigh Reoin. Déanfaidh an imeach ceiliúradh agus cuimneamh ar thréimse 1916, le tóstal le téama de bhaill óg agus scothaosta an phobail ag teact le chéile. Comótas ealaíne le téama i gcomhair leis an scoil náisiúnta áitúil. Déanfaidh grúpaí ceol áitiúla óstáil ar aoícheoltóirí chun ceol na hama ón gceantar áitiúil agus máguiard a cheiliúradh.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.