Eva O’Flaherty 1874- 1963

Mary J. Murphy

Eva O’Flaherty
Grianghraif le caoinchead Mary J Murphy

Lisdonagh House, Caherlistrane

Rugadh Eva O’Flaherty i dTeach Lios Donncha i gCathair Loistreáin; ba de na huaisle a muintiragus náisiúnaithe láidre Caitliceacha a bhí iontu. Bhí Eva ina ball de Chumann na mBan i mBaileÁtha Cliath sa bhliain 1914, in éineacht le Louise Gavan Duffy, agus bhí sí ag rith teachtaireachtaíthart ar Ard-Oifig an Phoist i rith an Éirí Amach. Chuaigh sí as imeall na cathrach ar a rothar agusbhí uirthi bladar a dhéanamh, ag ligean na deora léi féin agus ag rá go raibh duine muinteartha léia bhí tinn gan chúnamh, le go ligfeadh gardaí an bealach í.1 Eolas sin a thug Mary Jo Noonan, altrapríobháideach a bhí léi an leathbhliain deiridh dá saol. Ba chara mór le Eva Seán Mac Diarmada,chomh maith leis an Dr. Kathleen Lynn, Linda Kearns, Máire Comerford, Anita MacMahon,Kathleen Clarke, Colm Ó Lochlainn, an Dr. Mark Ryan, Darrell Figgis, an Cairdinéal Dalton agus antAth. F.X. Martin.

Bhí oiread tábhachta lena ndearna Eva O’Flaherty ar son na tíre gur chuir an tUachtarán Éamon
de Valera an Seanadóir Mark Killilea mar ionadaí thar a cheann leis an óráid a thabhairt ar lá a
sochraide sa reilig i nDomhach Pádraig i mí Aibreán 1963. Bhí bratach na dtrí dhath ar an gcónra
agus tugadh gradam míleata di. Bhí cuntas ó roinnt díobh sin a bhí ar an tsochraid, Brendan
Gannon as Cathair Loistreáin ina measc agus an dlíodóir Henry Comerford, ar an moladh mór a
thug an Seanadóir Killilea ar a ndearna Eva le Cumann na mBan.

gCuntaois Markievicz

Áirítear Eva ar dhuine den sé dhuine dhéag ar ar tugadh “mná na gciseán” i rith an Éirí Amach,
mar gheall ar theachtaireachtaí a iompar sa chiseán ar an rothar a bhí acu. Kathleen Clarke agus
Sorcha McMahon a roghnaigh iad de réir mar a d’iarr Tomás Ó Cléirigh agus Seán Mac Diarmada
orthusan. Bhí aithne ag Eva ar mhuintir Dhálaigh agus ar mhuintir Chléirigh ón gceangal a bhí ag a
muintir le Luimneach, agus bhí aithne aice ar Figgis agus ar Cholm Ó Lochlainn ó bheith ar dhuine
díobh siúd a chuir Scoil Acla ar bun in Acaill sa bhliain 1910. Bhíodh litreacha ag dul idir Eva agus
an Dr Lynn, Bean an Chléirigh agus Máire Comerford ar feadh a saoil. Chaith sí tamall ag foghlaim
haitéireachta i bPáras ag deireadh an naoú céad déag, mar a mbíodh aithne aici ar an gCuntaois
Markievicz, agus bhí gnó haitéireachta aici ar Sloane Street i Londain sa bhliain 1913. Bí an Dr Ryan,
duine sinsearach i mBráithreachas na Poblachta, ina ‘mentor’ aici i Londain agus, roimh aimsir an
chéad chogadh domhanda, bhíodh aithne mhór ar Eva mar gheall ar a háilleacht sa Café Royal mar
a mbíodh sí i gcuideachta dhream ealaíontóirí agus intleachtóirí. Thagadh cuid mhaith acu sin ar
cuairt chuici in Acaill. Bhí St Colman’s Knitting Industries á rith ar an oileán aici ar feadh leathchéad
bliain agus fostaíocht, a mbíodh géarghá leis, á chur ar fáil do mhná na háite. Phéinteáil Marie
Howet agus Derek Hill portráidí di. Ba chara buan dílis di an t-ealaíontóir Paul Henry agus bhíodh
an scríbhneoir Graham Greene go mion minic ar cuairt chuici ag imirt chártaí. Is díol spéise an chaoi
ar éirigh le Eva dhá trá a fhreastal ina fashionista agus ina hintleachtóir a raibh aird agus tuiscint aici
ar chúrsaí polaitíochta. Bhí gaol gairid aici le Oscar Wilde agus duine muinteartha dá cuid freisin
Ardmhéara Londain, Boris Johnson.
Is maith an cuntas a thug an bhean a bhí ag tabhairt aire di ag deireadh a saoil, Mary Jo Noonan, ar
Eva. “She was unique. beautiful, witty, good fun and young at heart until the day she died. It was a
privilege to look after her. Yeats was her favourite poet. She liked Seán MacDermott and talked about
him and 1916 a lot. She joked about having the ferocious O’Flaherty temper, liked me to read the
Oxford Book of Verse to her over breakfast and was a real rebel at heart, in a nice kind of way”. ”

1. Mary Jo Noonan, altra príobháideach a chaith na sé mhí dheireanacha dá saol léi, a chuir an méid sin in iúl.

Comments about this page

  • Congratulations to all involved in the setting up of this extraordinary County Galway Decade of Commemoration website, straining and heaving with such an immensity of archival photographs, facts, people, places and events, grist to the mill for those of us who cannot get enough of such things.
    Míle buíochas le gach duine, Mary J Murphy.

    By Mary J Murphy (*post-comment-date)

Add a comment about this page

Your email address will not be published.