An Stáisiún Talmhaíochta, Baile Átha an Rí

One of the most iconic locations of the Easter Rising in Galway i

Tá an Coláiste Talmhaíochta, in aice le Baile Átha an Rí, ar cheann de na láithreacha is iomráití maidir le hÉirí Amach na Cásca i nGaillimh. An Model Farm a thugtaí go háitiúil ar an stáisiún Talmhaíochta a cuireadh ar bun den chéad uair sa bhliain 1905. Níor éirigh rómhaith leis ar dtús ó bhí an ceantar ina raibh sé suite míshuaimhneach mar gheall ar chúrsaí talún. Sa bhliain 1907, bhí an tsuim ollmhór £10,000 á cur i leith choláiste oiliúna a chur ar bun i mBaile Átha an Rí ag an rialtas, ach ‘owing to the unsettled state of the district’, níorbh fhéidir aon dul chun cinn a dhéanamh.[1] Breacadh tuairisc i mí Feabhra 1908 go ndearnadh ionsaí ar an stáisiún agus gur tharla luach £425 de dhamáiste[2]; idir mí Eanáir 1907 agus mí na Samhna 1909, bhreac an RIC tuairisc ar ‘five cases of intimidation or injury to property which are believed to be the outcome of a desire of certain lawless persons in Athenry to compel the Department to surrender part of their farm in the neighbourhood.’[3] Go deimhin, bhí an t-aighneas a bhain leis an bhfeirm chomh géar gur fiafraíodh de leas-uachtarán na Roinne Talmhaíochta i dTeach na dTeachtaí an mbeadh ‘any objection, seeing that there is so much agrarian trouble about Athenry, to building this college in one of the law-abiding counties?[4] Faoi mhí Aibreán 1910, bhí dhá bhothán póilíní ar fhearann an stáisiúin féin, ina raibh naoi bhfear déag de chuid an RIC, agus bhí 68 bpóilín breise tugtha isteach go Baile Átha an Rí ón gceantar máguaird.[5]

Nuair a d’éirigh daoine amach i nGaillimh i mí Aibreán 1916, ní bheadh suntas mór á thabhairt ar an stáisiún Talmhaíochta mar áit a d’ionsófaí ná a ghabhfaí, ó tharla go raibh garda póilíní á chosaint agus, chomh maith leis sin, go raibh sé gar do bhaile Bhaile Átha an Rí. Ina ainneoin sin, an lá tar éis Luan Cásca, nuair a bhí Ó Maoilíosa ag cúlú i dtreo Bhaile Átha an Rí tar éis beairic an RIC i nDroichead an Chláirín a ionsaí, tháinig a dhreamsa trasna ar Óglaigh Bhaile Átha an Rí, faoi cheannas Larry Lardner, a raibh déanta amach aige go raibh an bheairic i mBaile Átha an Rí ródhaingean le go bhféadfaí é a ghabháil. Ar a theacht le chéile, shocraigh seisean agus Ó Maoilíosa cúlú go dtí an Model Farm go bpleanáilfí an chéad bheart eile.

Is léiriú é an t-am a caitheadh ag an stáisiún Talmhaíochta ar na buanna agus ar na laigí a bhain leis an éirí amach i nGaillimh. Bhí timpeall is 500 duine de na hÓglaigh agus de Chumann na mBan cruinnithe ansin.[6] Ba mhó go mór an líon sin ná a raibh de phóilíní sa cheantar, agus is léiriú é ar an líon daoine a d’fhéadfadh éirí amach dá mbeadh cúrsaí cumarsáide níos fearr agus murach an mearbhall a tharraing freasordú Mhic Néill. Ina ainneoin sin, ní raibh dóthain airm acu: meastar go raibh siad taobh le 35 raidhfil agus 350 gunna gráin.[7] Is léir freisin an t-easnamh ó thaobh pleanála agus ceannasaíochta. Ní raibh de chúis leis an Model Farm a ghabháil ach socrú ad hoc mar gheall go raibh sé gar do láthair nuair a tháinig an dá dhream Óglach ar a chéile agus, cé go raibh dídean le fáil ann, ní ionad é a d’fhéadfaí a chosaint. I rith an ama a caitheadh ansin, bhí na ceannairí seasta ag plé na ceiste faoin gcéad bheart eile le déanamh, ach ba bhac mór orthu nach raibh aon phlean ginearálta leanúnach i gceist don chontae ar fad. Maidin Dé Céadaoin, tháinig dream beag den RIC amach as botháin na bpóilíní agus bhí siadsan agus lucht an éirí amach tamall ag scaoileadh lena chéile. De réir thuairisc fhinné amháin, rinne ceathrar den RIC ar an bhfeirm agus thug idir deichniúr agus dáréag Óglach fúthu leis an mbeagán raidhfilí a bhí ag lucht an éirí amach.[8] Mar gheall ar an eachtra sin, socraíodh tráthnóna Dé Céadaoin Baile Átha an Rí a fhágáil agus imeacht go Maigh Fhód, áit a raibh súil go mbeadh sé níos furasta an fód a sheasamh.

[1] Díospóireachtaí HC 29 Iúil 1909, eag. 8. col. 1452W.

[2] Díospóireachtaí HC 17 Feabhra 1908, eag.184, col. 447.

[3] Díospóireachtaí HC 1 Nollaig 1909, eag. 13, col. 529W.

[4] Díospóireachtaí HC 4 Lúnasa 1909, eag. 8 col. 1843.

[5] Díospóireachtaí HC 28 Aibreán 1910, eag. 17. col. 746W.

[6] BMH WS 298, Ailbhe Ó Monacháin.

[7] BMH WS 298, Ailbhe Ó Monacháin.

[8] MSPC A/21(4)A/16, ‘Easter Week in 1916 – Service in County Galway’.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.