Rinne Colún Reatha faoi cheannas Tom Dunleavy luíochán ag an gCnocán Mór ar an mbóthar idir Baile an Mhuilinn agus Tuaim ar an 27 Meitheamh 1921. Luigh an scuad, a raibh seachtar óglach de chuid na háite ina measc, roimh phatról ar a raibh an RIC agus na Dúchrónaigh in éineacht. Scaoileadh beirt den phatról, an Sáirsint James Murrin agus an Constábla Edgar Day. Bhí beirt eile ann, póilín nach maireann cuimhne ar a ainm a gortaíodh agus Dúchrónach darbh ainm Carter a thug na cosa leis. Deirtear go ndeachaigh Carter go caithréimeach ar ais ar patról níos deireanaí agus an poll ina chaipín ar taispeáint aige a d’fhág piléar ann. Ábhar íoróine go raibh an Sáirsint Murrin le dul amach ar pinsean seachtain roimhe sin ach, mar gheall ar mhoill lena chuid cáipéisíochta a phróiseáil, bhí air fanacht i mbun dualgais. Fear óg a bhí sa Chonstábla Day a mb’as Nottingham Shasana ó dhúchas é. Tharlaíodh luíochán den sórt seo coitianta go maith ag an am san áit a mbíodh beartaíocht mhíleata ar siúl.
Luíochán Seid na nUbh, Baile an Mhuilinn
I lár mí Aibreán 1921 a rinne deichniúr nó dáréag óglach an luíochán seo i rith Chogadh na Saoirse. Luíochán seid na n-ubh a thugtar ar an eachtra i seanchas na háite mar gheall gur tharla sé ag seid ina mbíodh uibheacha á gcoinneáil. Deirtear gur beirt chonstábla de chuid an RIC, ag filleadh ar an mbeairic dóibh tar éis patról a dhéanamh thart ar stáisiún na traenach, a ionsaíodh as luíochán agus gur gortaíodh an bheirt. D’fhonn raidhfilí agus lón airm na bpóilíní a ghabháil a beartaíodh an t-ionsaí. Níor éirigh leis nuair a rith póilíní armtha agus Dúchrónaigh amach as beairic na bpóilíní in aice láthair gur ghabh na raidhfilí. Bhíodh sórtáil agus stóráil á dhéanamh sa seid ar uibheacha do na ceannaitheoirí móra rud a chuireann an t-am i gcuimhne dúinn a mbíodh uibheacha á ndíol agus á mbabhtáil ag daoine sna pobail feirmeoireachta áitiúla mar chuid de riar a gcáis.
No Comments
Add a comment about this page