Tom Kenny

Dhuine de na ceannairí ba thábhachtaí ar lucht na náisiúnachta i nGaillimh

Bernard Kelly

Tom Kenny
Advertiser.ie

Cuntas gairid ar a shaol

Tá Tom Kenny ar dhuine de na ceannairí ba thábhachtaí ar lucht na náisiúnachta i nGaillimh in aimsir an éirí amach agus chogadh na saoirse agus ar dhuine de na daoine freisin ar doiléire agus ar dothuigthe na tuairiscí orthu. An beagán atá ar eolas faoi Kenny, bíonn conspóid ag baint leis, agus is léir ón teist a thug Óglaigh éagsúla air nach rabhthas ar aon tuairim faoina chuid gníomhartha ná faoina thábhacht. Bíodh sin mar atá, bhí sé sách mór i gceist gur tuigeadh d’údaráis na Breataine go raibh sé ar dhuine de na pearsaí mórshuntais in iarthar na hÉireann: deirtear gur ag tagairt do Kenny a bhí státseirbhíseach sinsearach nuair a d’fhiafraigh sé: ‘Was Ireland to be governed by a water bailiff in Dublin [John MacBride de réir cosúlachta] and a blacksmith in Galway?’[1] Tagairt chinnte dó, agus b’fhéidir gur tagairt níos oiriúnaí, ar dúradh ina leith in óráid ar a shochraid: ‘He was a great organiser but he was not a diplomat.[2]

In oirthear agus i ndeisceart na Gaillimhe is mó a d’oibríodh Kenny, go háirithe thart ar a áit dúchais i gCreachmhaoil. Bhí sé ar an bpearsa ba thréine i mBráithreachas na Poblachta ansin, ina bhall Léig na nÉireannach Aontaithe, ina eagraí ag Cumann Lúthchleas Gael i gCúige Chonnacht agus ba é croí agus anam an ‘chumainn rúnda’ é a raibh feachtas foréigin ar siúl acu maidir le ceist na talún, leasú an dlí agus athdháileadh ar an talamh. Chuir sé ceann de na chéad chumainn Sinn Féin sa chontae ar bun i rith na bliana 1907.  Bhí aighneas faoi fheirm i dTeampall Mártain sa bhliain 1909 ar cheann de na heachtraí is mó a mbíonn trácht air. Bhí Kenny ag iarraidh go dtabharfaí an fheirm ina coda éagsúla do dhaoine ón áit ach lig an tiarna talún, Tiarna Chluain Riocaird, an fheirm ar fad le bean amháin. Tharla feachtas fada imeaglaithe, scaoileadh urchair thart ar an teach, dódh barra agus cuireadh baghcait de chineál i bhfeidhm, scaoileadh constábla de chuid an RIC ag an bhfeirm. Cuireadh beirt de chumann rúnda Kenny ar a dtriail maidir le dúnmharú ina dhiaidh sin, cuireadh an triail dá buille le fianaise bhréige agus ligeadh saor an bheirt sa bhliain 1910. Tharla cuid mhór troda agus foréigin ina dhiaidh sin nuair a tháinig daoine a sheas le cumann rúnda Kenny agus daoine a sheas ina aghaidh le chéile ar fud an chontae. Ainneoin go ndeachaigh roinnt de na heachtraí san aighneas sin ina aghaidh, bhí Kenny an-cheannasach i gcónaí agus is é cur síos a thug óglach amháin in Arm na Poblachta air faoin mbliain 1914 go raibh sé ‘practically independent of the Dublin leaders’.[3]

Bíonn an pháirt a bhí ag Kenny in Éirí Amach 1916 ina ceist spairne freisin. Tháinig go leor de na gnáthóglaigh ar fud an chontae go mór faoi anáil Kenny mar gheall ar an mbaint a bhí aige leis an mBráithreachas agus le cumainn rúnda. Os a choinne sin, tharraingíodh an aidhm a chuireadh sé roimhe, atheagar ó bhun a chur ar úinéireacht na talún i nGaillimh easaontas idir é féin agus ceannairí de chuid na nÓglach a mbíodh ceisteanna náisiúnta níos mó in uachtar ina n-intinn. Is cosúil, go háirithe, nach dtarraingíodh sé féin agus Liam Ó Maoilíosa, a chuir muintir Bhaile Átha Cliath go Cúige Chonnacht sa bhliain 19195, go maith le chéile. Bhí Kenny le tamall maith roimhe sin ina cheannaire réigiúnach ar an IRB agus is léir nár thaitin leis strainséir ón taobh amuigh a theacht, go mór mór nuair nach raibh aidhmeanna Uí Mhaoilíosa mar a chéile lena chuid féin. Nuair a tharla an t-éirí amach sa bhliain 1916, d’áitigh Kenny gurbh é an t-am é talamh agus stoc a ghabháil ó fheirmeoirí rachmasacha an cheantair, ach rialaigh Ó Maoilíosa ina aghaidh sin, díriú ar spriocanna agus ar chuspóirí eile.

Mar a rinne Ó Maoilíosa, d’éalaigh Kenny go dtí na Stáit Aontaithe tar éis an Éirí Amach agus leanadh den eascairdeas eatarthu ansin. De réir mar a deirtear i ráiteas amháin, sheachnaíodh Ó Maoilíosa Kenny in aon turas agus nuair a tharla ar aon láthair iad sa deireadh, dhiúltaigh sé Kenny a chur in aithne do na Gaeil-Mheiriceánaigh ba thábhachtaí, rud a chuir olc ar Kenny.[4] Ar a theacht ar ais go Gaillimh dó, chaith Kenny a dhíograis le cúrsaí Chumann Lúthchleas Gael i gCreachmhaoil agus i gContae na Gaillimhe. Is é a bhí ina bhainisteoir ar fhoireann iománaíochta na Gaillimhe a bhuaigh cluiche ceannais Chraobh Iomána na hÉireann 1923 in aghaidh Luimnigh, 7-3 le 4-5. Sa bhliain 1924 a imríodh an cluiche mar gheall ar an tír a bheith ag teacht chuici féin go fóill ó chogadh na gcarad. Tugadh aitheantas don chion mór tairbhe a rinne sé ar feadh na mblianta don Chumann Lúthchleas Gael i nGailleamh nuair a ainmníodh an pháirc i mBaile Átha an Rí Kenny Memorial Park ina onóir.

Tar éis a bháis sa bhliain 1947 foilsíodh dán ina chuimhne ar an Tuam Herald:

Now maybe you’ve heard of Tom Kenny; you haven’t!
Nor yet of the way
He fought a lone fight
For freedom and right
For many and many a day
With his old Fenian gun
Till the battle was won
He kept pegging and pegging away.
Well, Tom was a blacksmith at Craughwell
And always followed his trade;
With the iron aglow
He oft thought of the foe
As many a pikehead he made
With blow after blow
Now fast – and then slow
Till ready for work was each blade.
For Tom, he was a bold Fenian
With a liking for war and its ways
A true son of Erin
Right manly and daring
‘Tis he that was worthy of praise
So where’er that he’s faring
We pray that he’s sharing
We trust due in his case.[5]

[1] BMH WS 1562, Máirtín Ó Tnúthail (Martin Newall).

[2] Connacht Tribune, 5 Aibreán 1947.

[3] BMH WS 0007, Liam Ó Briain.

[4] BMH WS 405, Patrick Callanan.

[5] Tuam Herald, 19 Aibreán 1947.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.