Patrick Joseph Murray (1887-1852)

Fear as Gaillimh in Ard-Oifig an Phoist, An Cháisc 1916

Patria McWalter

Patrick J Murray, Óglach, i Sléibhte Chill Mhantáin roimh Cháisc 1916. Le caoinchead ó mhuintir Mahon / Murray.
Le caoinchead ó mhuintir Mahon / Murray.

Tús a Shaoil ar an Dún Mór

Bhí Patrick ar an leanbh ba shine a bhí ag Thomas P. Murray as an Dún Mór agus a bhean chéile Nannie (nee Larkin) as an gCreagán, arbh mhúinteoirí bunscoile iad beirt. Chaith Patrick an chéad chuid dá shaol ar Shráid Gater, an Dún Mór (ar tugadh Sion Hill uirthi ina dhiaidh sin) in éineacht lena thuismitheoirí agus 3 deartháireacha agus 3 deirfiúracha.

Comhad Pinsin Mhíleata

De réir a chuid comhad Pinsean Mhíleata (faoi thagairtí MSP34REF2498, ar fáil ar líne[1]) dúirt Murray go ndeachaigh sé isteach in Óglaigh na hÉireann ag an gcéad chruinniú sa Rotunda i mí na Samhna 1913. Bhí sé ag obair mar Chúntóir Siopa le Flemming Bros i nDroim Conrach, Baile Átha Cliath ag an am.   Ó thart ar 1922 go dtí deireadh 1924 d’oibrigh sé mar Chléireach leis an Aireacht Cosanta i mBeairic Portobello.

An Saol Teaghlaigh

Phós Patrick agus Mary Josephine (nee Kelly) an 8 Lúnasa 1921. Rugadh an t-aon leanbh a bhí acu, James Thomas (ar a dtugtaí Seamus), an 20 Meitheamh 1922. Bhásaigh Seamus go hóg, am éigin i ndiaidh 1948. Timpeall 1925, i ndiaidh do Mary teach an teaghlaigh ag 52 Bóthar Lindsay i nGlas Naíon a fháil trí oidhreacht, d’oscail siad gnó grósaera ag 12 Sráid an Rí Thuaidh agus chónaigh siad os cionn an tsiopa.   D’fhan siad ansin go dtí tús na 1940idí nuair a dhún muintir Murray a ngnó. Bhog siad ansin go dtí 14 Bruach an Bhailtín, Baile Phib. D’oibrigh Patrick mar oibrí Lastóra idir Nollaig 1942 go dtí Meitheamh 1946 agus ansin mar Chléireach Shealadach (grád III) ón am sin go dtí gur bhásaigh sé in Aibreán 1952 i nDún Uí Choileáin[2]. Tamall ina dhiaidh sin bhog baintreach Patrick, Mary go dtí 1 Ascaill Ghartáin, Bóthar Í, Glas Naíon.

Smuigléireacht Gunnaí

I sonraí óna chomhad Pinsean thug Patrick le fios go raibh sé páirteach i Smuigléireacht Gunnaí Bhinn Éadair i mí Iúil 1914 agus go gairid ina dhiaidh sin i smuigléireacht gunnaí i gCill Chomhghaill (Co. Chill Mhantáin) nuair a bhí sé ina Óglach.[3]

1916

Roinnt seachtainí roimh an Éirí Amach bhí sé páirteach i ndéantús buamaí agus le linn na Seachtaine Móire chaith sé roinnt ama ag tabhairt na mbuamaí agus trealamh chomh fada le Halla na Saoirse agus suíomhanna eile. I bhfoirm amháin ina chomhad deir Patrick gur tháinig sé féin agus a Chomplacht le chéile Luan Cásca faoi Cheannas Tom Byrne agus go ndeachaigh siad go dtí Ard-Oifig an Phoist. Le linn dó a bheith ann chosain sé an suíomh ó ionsaí na Breataine agus bhí sé ‘[in] charge of two windows (with six men under my command) until Friday. When the GPO was on fire, I joined O’Rahilly’s party in an attempt to fight our way through Moore Street’. [4] Le linn dó a bheith ar Shráid an Mhúraigh, tamall gairid i ndiaidh fholmhú Ard-Oifig an Phoist Dé hAoine an 29 Aibreán, d’fhulaing sé créacht ghránghunna ar a chos dheas, faoin nglúin.   Deir sé chomh maith gur tugadh chuig Ospidéal na Croise Deirge i gCaisleán Bhaile Átha Cliath é mar phríosúnach an 30 Aibreán agus gur coinníodh ansin é go dtí gur cuireadh go Frongach sa Bhreatain Bheag é ó mhí Iúil go dtí mí na Nollag 1916.

Cogadh na Saoirse

I ndiaidh a scaoilte saor chabhraigh sé a Sheanchomplacht (Complacht B, 1ú Cathlán, Briogáid Bhaile Átha Cliath) mar Mháistir Ceathrún, agus bhí sé i gceannas ar dhumpáil a n-arm agus ar leabhair éagsúla (ina raibh ainmneacha agus seoltaí na gcomhaltaí) Ba é Frank Daly Captaen an Chomplachta. D’fhónaigh Patrick ‘[in] that capacity all through the Black and Tan period until the Truce’ (31 May 1933[5]). Le linn an ama sin, d’oibrigh sé mar Bhainisteoir an tSiopa Chomharchumainn ag 69 Bóthar Bhaile Phib, agus d’úsáid sé an siopa chun airm agus muinisean a dháileadh.

Éileamh ar Phinsean Créachta

Tá comhad phinsin chréachta Patrick lán de chomhfhreagras idir é féin agus an Bord Pinsean a bhaineann lena éileamh ar phinsean créachta.   Léiríonn cáipéisí ón gcomhad go ndearnadh obráid ar chos Patrick i 1924 chun fáil réidh le rian, agus gur chaith sé seacht seachtaine san ospidéal. Dámhadh pinsean sealadach £40 in aghaidh na bliana air ina dhiaidh sin, don tréimhse 22 Aibreán 1922 go dtí 31 Bealtaine 1924, agus ina dhiaidh sin arís dámhadh aisce £75 air. Ach thar na blianta lean Patrick ar aghaidh ag lorg athbhreithniú ar a chás, mar shampla faoi reachtaíocht mar Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata 1932, agus mar a bhí pian air agus é ag dul in aois. Ach lean an Bord ar aghaidh ag diúltú an éilimh áfach.

Achomharc Pinsean

I litir dár dáta an 16 Meitheamh 1950, ón seoladh 14 Bruach an Bhailtín, thug sé le fios don Bhord go raibh sé ag fulaingt ‘from ulceration and general inflmation of the limb, which cuases me great pain and discomfort and caused me to retire from business as I was unable to do any work standing and I find it difficult to walk without the aid of a stick’. D’iarr sé go n-athosclófaí a chás agus go ndéanfaí é a athbhreithniú arís. Tar éis tuilleadh iniúchta bheartaigh an Bord i mí na Samhna 1950 pinsean 20% i leith na tréimhse 19 Meán Fómhair 1950 go tí 30 Meán Fómhair 1952 a íoc. Ach bhí an Bord fós ag fanacht ar chead cuí sula bhféadfaí na híocaíochtaí sin a dhéanamh nuair a bhásaigh Patrick an 18 Aibreán 1952. Choinnigh a bhaintreach Mary leis an ábhar. Ar deireadh i mí na Nollag 1953 ceadaíodh íocaíocht £69.12.1 a íoc le Mary faoi Alt 12(1) den Acht Arm-Phinsean 1949.   Cuireadh in iúl di ag an am sin ‘[as Patrick] was not in reciept of a wound pension at the date of his death it is regrettted, accordingly, that your application for an allowance does not come within the scope of the Act’.

Pinsean Seirbhíse

Cé nach raibh Patrick ag fáil pinsin chréachta nuair a bhí sé beo, bhí sé ag fáil pinsin sheirbhíse £28.8.8 in aghaidh na bliana ó 1937 (ach le héifeacht ón 1 Deireadh Fómhair 1934) (Comhad E1953). Deonaíodh é sin faoi Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata 1934.

Sochraid

De réir a chuntas iarbháis bhí a shochraid ar siúl in Eaglais Shráid Berkeley agus adhlacadh i Reilig Ghlas Naíon é le honóracha míleata.

Baineadh an t-eolas thuas as comhaid Phinsean Míleata Murray, agus fuarthas tuilleadh eolais óna mhuintir, a thug a gcaoinchead an grianghraf faoi iamh a úsáid.

Teidil na hÍomhánna:

Patrick J Murray, Óglach, i Sléibhte Chill Mhantáin roimh Cháisc 1916.

Páipéar Ceannteidil P J Murray, ón gComhad Pinsean

http://mspcsearch.militaryarchives.ie/detail.aspx

[1] Pinsin Mhíleata http://mspcsearch.militaryarchives.ie/, An Chartlann Mhíleata.

[2] Comhad Pinsin, 7 Bealtaine 1952, http://mspcsearch.militaryarchives.ie/docs/files//PDF_Pensions An Chartlann Náisiúnta, arna rochtain Samhain 2015.

[3]Comhad Pinsin, 25 Feabhra 1935- http://mspcsearch.militaryarchives.ie/docs/files//PDF_Pensions. An Chartlann Mhíleata, arna rochtain Samhain 2015.

[4] Comhad Pinsin, http://mspcsearch.militaryarchives.ie/docs/files//PDF_Pensions, An Chartlann Náisiúnta, arna rochtain Samhain 2015.

[5] Comhad Pinsin, http://mspcsearch.militaryarchives.ie/docs/files//PDF_Pensionsn Chartlann Náisiúnta, arna rochtain Samhain 2015.Patrick J Murray, Óglach, i Sléibhte Chill Mhantáin roimh Cháisc 1916. Le caoinchead ó mhuintir Mahon / Murray.” width=”296″ height=”538″ /> ]Patrick J Murray, Óglach, i Sléibhte Chill Mhantáin roimh Cháisc 1916.
Le caoinchead ó mhuintir Mahon / Murray.[/caption]

Tús a Shaoil ar an Dún Mór

Bhí Patrick ar an leanbh ba shine a bhí ag Thomas P. Murray as an Dún Mór agus a bhean chéile Nannie (nee Larkin) as an gCreagán, arbh mhúinteoirí bunscoile iad beirt. Chaith Patrick an chéad chuid dá shaol ar Shráid Gater, an Dún Mór (ar tugadh Sion Hill uirthi ina dhiaidh sin) in éineacht lena thuismitheoirí agus 3 deartháireacha agus 3 deirfiúracha.

Comhad Pinsin Mhíleata

De réir a chuid comhad Pinsean Mhíleata (faoi thagairtí MSP34REF2498, ar fáil ar líne[1]) dúirt Murray go ndeachaigh sé isteach in Óglaigh na hÉireann ag an gcéad chruinniú sa Rotunda i mí na Samhna 1913. Bhí sé ag obair mar Chúntóir Siopa le Flemming Bros i nDroim Conrach, Baile Átha Cliath ag an am.   Ó thart ar 1922 go dtí deireadh 1924 d’oibrigh sé mar Chléireach leis an Aireacht Cosanta i mBeairic Portobello.

An Saol Teaghlaigh

Phós Patrick agus Mary Josephine (nee Kelly) an 8 Lúnasa 1921. Rugadh an t-aon leanbh a bhí acu, James Thomas (ar a dtugtaí Seamus), an 20 Meitheamh 1922. Bhásaigh Seamus go hóg, am éigin i ndiaidh 1948. Timpeall 1925, i ndiaidh do Mary teach an teaghlaigh ag 52 Bóthar Lindsay i nGlas Naíon a fháil trí oidhreacht, d’oscail siad gnó grósaera ag 12 Sráid an Rí Thuaidh agus chónaigh siad os cionn an tsiopa.   D’fhan siad ansin go dtí tús na 1940idí nuair a dhún muintir Murray a ngnó. Bhog siad ansin go dtí 14 Bruach an Bhailtín, Baile Phib. D’oibrigh Patrick mar oibrí Lastóra idir Nollaig 1942 go dtí Meitheamh 1946 agus ansin mar Chléireach Shealadach (grád III) ón am sin go dtí gur bhásaigh sé in Aibreán 1952 i nDún Uí Choileáin[2]. Tamall ina dhiaidh sin bhog baintreach Patrick, Mary go dtí 1 Ascaill Ghartáin, Bóthar Í, Glas Naíon.

Smuigléireacht Gunnaí

I sonraí óna chomhad Pinsean thug Patrick le fios go raibh sé páirteach i Smuigléireacht Gunnaí Bhinn Éadair i mí Iúil 1914 agus go gairid ina dhiaidh sin i smuigléireacht gunnaí i gCill Chomhghaill (Co. Chill Mhantáin) nuair a bhí sé ina Óglach.[3]

1916

Roinnt seachtainí roimh an Éirí Amach bhí sé páirteach i ndéantús buamaí agus le linn na Seachtaine Móire chaith sé roinnt ama ag tabhairt na mbuamaí agus trealamh chomh fada le Halla na Saoirse agus suíomhanna eile. I bhfoirm amháin ina chomhad deir Patrick gur tháinig sé féin agus a Chomplacht le chéile Luan Cásca faoi Cheannas Tom Byrne agus go ndeachaigh siad go dtí Ard-Oifig an Phoist. Le linn dó a bheith ann chosain sé an suíomh ó ionsaí na Breataine agus bhí sé ‘[in] charge of two windows (with six men under my command) until Friday. When the GPO was on fire, I joined O’Rahilly’s party in an attempt to fight our way through Moore Street’. [4] Le linn dó a bheith ar Shráid an Mhúraigh, tamall gairid i ndiaidh fholmhú Ard-Oifig an Phoist Dé hAoine an 29 Aibreán, d’fhulaing sé créacht ghránghunna ar a chos dheas, faoin nglúin.   Deir sé chomh maith gur tugadh chuig Ospidéal na Croise Deirge i gCaisleán Bhaile Átha Cliath é mar phríosúnach an 30 Aibreán agus gur coinníodh ansin é go dtí gur cuireadh go Frongach sa Bhreatain Bheag é ó mhí Iúil go dtí mí na Nollag 1916.

Cogadh na Saoirse

I ndiaidh a scaoilte saor chabhraigh sé a Sheanchomplacht (Complacht B, 1ú Cathlán, Briogáid Bhaile Átha Cliath) mar Mháistir Ceathrún, agus bhí sé i gceannas ar dhumpáil a n-arm agus ar leabhair éagsúla (ina raibh ainmneacha agus seoltaí na gcomhaltaí) Ba é Frank Daly Captaen an Chomplachta. D’fhónaigh Patrick ‘[in] that capacity all through the Black and Tan period until the Truce’ (31 May 1933[5]). Le linn an ama sin, d’oibrigh sé mar Bhainisteoir an tSiopa Chomharchumainn ag 69 Bóthar Bhaile Phib, agus d’úsáid sé an siopa chun airm agus muinisean a dháileadh.

Éileamh ar Phinsean Créachta

Tá comhad phinsin chréachta Patrick lán de chomhfhreagras idir é féin agus an Bord Pinsean a bhaineann lena éileamh ar phinsean créachta.   Léiríonn cáipéisí ón gcomhad go ndearnadh obráid ar chos Patrick i 1924 chun fáil réidh le rian, agus gur chaith sé seacht seachtaine san ospidéal. Dámhadh pinsean sealadach £40 in aghaidh na bliana air ina dhiaidh sin, don tréimhse 22 Aibreán 1922 go dtí 31 Bealtaine 1924, agus ina dhiaidh sin arís dámhadh aisce £75 air. Ach thar na blianta lean Patrick ar aghaidh ag lorg athbhreithniú ar a chás, mar shampla faoi reachtaíocht mar Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata 1932, agus mar a bhí pian air agus é ag dul in aois. Ach lean an Bord ar aghaidh ag diúltú an éilimh áfach.

Achomharc Pinsean

I litir dár dáta an 16 Meitheamh 1950, ón seoladh 14 Bruach an Bhailtín, thug sé le fios don Bhord go raibh sé ag fulaingt ‘from ulceration and general inflmation of the limb, which cuases me great pain and discomfort and caused me to retire from business as I was unable to do any work standing and I find it difficult to walk without the aid of a stick’. D’iarr sé go n-athosclófaí a chás agus go ndéanfaí é a athbhreithniú arís. Tar éis tuilleadh iniúchta bheartaigh an Bord i mí na Samhna 1950 pinsean 20% i leith na tréimhse 19 Meán Fómhair 1950 go tí 30 Meán Fómhair 1952 a íoc. Ach bhí an Bord fós ag fanacht ar chead cuí sula bhféadfaí na híocaíochtaí sin a dhéanamh nuair a bhásaigh Patrick an 18 Aibreán 1952. Choinnigh a bhaintreach Mary leis an ábhar. Ar deireadh i mí na Nollag 1953 ceadaíodh íocaíocht £69.12.1 a íoc le Mary faoi Alt 12(1) den Acht Arm-Phinsean 1949.   Cuireadh in iúl di ag an am sin ‘[as Patrick] was not in reciept of a wound pension at the date of his death it is regrettted, accordingly, that your application for an allowance does not come within the scope of the Act’.

Pinsean Seirbhíse

Cé nach raibh Patrick ag fáil pinsin chréachta nuair a bhí sé beo, bhí sé ag fáil pinsin sheirbhíse £28.8.8 in aghaidh na bliana ó 1937 (ach le héifeacht ón 1 Deireadh Fómhair 1934) (Comhad E1953). Deonaíodh é sin faoi Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata 1934.

Sochraid

De réir a chuntas iarbháis bhí a shochraid ar siúl in Eaglais Shráid Berkeley agus adhlacadh i Reilig Ghlas Naíon é le honóracha míleata.

Baineadh an t-eolas thuas as comhaid Phinsean Míleata Murray, agus fuarthas tuilleadh eolais óna mhuintir, a thug a gcaoinchead an grianghraf faoi iamh a úsáid.

Teidil na hÍomhánna:

Patrick J Murray, Óglach, i Sléibhte Chill Mhantáin roimh Cháisc 1916.

Le caoinchead ó mhuintir Mahon / Murray.

Páipéar Ceannteidil P J Murray, ón gComhad Pinsean

http://mspcsearch.militaryarchives.ie/detail.aspx

[1] Pinsin Mhíleata http://mspcsearch.militaryarchives.ie/detail.aspx, An Chartlann Mhíleata.

[2] Comhad Pinsin, 7 Bealtaine 1952, http://mspcsearch.militaryarchives.ie/docs/files//PDF_Pensions/R2/MSP34REF2498PATRICKJOSEPHMURRAY/W34E1953PATRICKJOSEPHMURRAY.pdf An Chartlann Náisiúnta, arna rochtain Samhain 2015.

[3]Comhad Pinsin, 25 Feabhra 1935- http://mspcsearch.militaryarchives.ie/docs/files//PDF_Pensions/R2/MSP34REF2498PATRICKJOSEPHMURRAY/WMSP34REF2498PATRICKJOSEPHMURRAY.pdf. An Chartlann Mhíleata, arna rochtain Samhain 2015.

[4] Comhad Pinsin, http://mspcsearch.militaryarchives.ie/docs/files//PDF_Pensions/R2/MSP34REF2498PATRICKJOSEPHMURRAY/WMSP34REF2498PATRICKJOSEPHMURRAY.pdf, An Chartlann Náisiúnta, arna rochtain Samhain 2015.

[5] Comhad Pinsin, http://mspcsearch.militaryarchives.ie/docs/files//PDF_Pensions/R2/MSP34REF2498PATRICKJOSEPHMURRAY/W1P93PATRICKJOSEPHMURRAY.pdf An Chartlann Náisiúnta, arna rochtain Samhain 2015.

Comments about this page

  • My grandfather was Patrick’s first cousin. To the best of my knowledge there are no direct descendants to Patrick. Does anyone know this to be incorrect? I am looking for information on Patrick. Can anyone identify the young man in the Fianna uniform?

    By Kieran McMullen (*post-comment-date)
  • John, you and I are related. My grandfather was Patrick’s cousin. His mother was Patrick’s father’s sister, one of three Murray sisters who emigrated to the U.S. back in 1880. I’ve set up a Facebook page for the Donnellon and Murray families from Dunmore.

    By Joe Metz (*post-comment-date)
  • Patrick Joseph Murray was my grand-uncle, and I would like to hear from any of his descendants. As far as I am aware he is the only man from North Galway who was in the GPO in 1916.

    By John mahon (*post-comment-date)

Add a comment about this page

Your email address will not be published.