Liam Ó Maoilíosa

Cuntas gairid ar a shaol

Bernard kelly

Liam Ó Maoilíosa
Adveriser.ie
Liam Mellows
By Fallduff (Own work) [Public domain], via Wikimedia Commons

Rugadh Liam Ó Maoilíosa i Lancashire i mí Bealtaine 1892, mac le sáirsint in arm na Breataine. Ba as Cill Chainnigh agus Loch Garman a thuismitheoirí. Chaith sé cuid mhór dá óige in Éirinn, ag freastal scoileanna míleata agus garastúin i Loch Garman, i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath. Ba trí na Fianna, an leagan náisiúnach de ghasóga na Breataine a tháinig sé trasna ar poblachtánachas na hÉireann. Ní fada gur tuigeadh go raibh sé an-chumasach i gcúrsaí eagrúcháin agus sa bhliain 1913, leagadh de chúram air atheagar a chur ar na Fianna ar fud na tíre ar fad. An tráth céanna, chuaigh Ó Maoilíosa isteach i mBráithreachas na Poblachta (IRB) agus in Óglaigh na hÉireann. Nuair a cuireadh tús leis an gCéad Chogadh Domhanda, tharla scoilt sna hÓglaigh maidir le dul isteach in arm na Breataine agus thaobhaigh Ó Maoilíosa leis an dream a chuir in aghaidh liostáil san arm. I mí Deireadh Fómhair 1914, mar chuid d’atheagar a cuireadh ar na hÓglaigh, cuireadh Ó Maoilíosa go Gaillimh leis na hÓglaigh ansin a thraenáil agus le cathláin bhreise a chur ar bun.

De réir na gcuntas ar fad, ba duine geanúil sochaideartha Ó Maoilíosa agus ba ghairid gur sháraigh sé aon amhras a bheadh ag oifigigh áitiúla na nÓglach air agus bhí an-ghean air ag fir an iarthair. Ina ainneoin sin, tháinig idir é agus roinnt daoine i mBráithreachas na hÉireann, go háirithe Tom Kenny, gabha as Creachmhaoil a raibh iomrá air mar raidiceach i gcúrsaí na talún. I mí Bealtaine 1915, seirbheáladh Ordú Díbeartha ar Ó Maoilíosa agus cuireadh i bpríosún i Sasana é. Cé go ndearna sé bealach ar ais go hÉirinn, bhí sé as láthair i nGaillimh go dtí díreach roimh an Éirí Amach, rud a chruthaigh éiginnteacht i measc na n-oifigeach sa cheantar ar cosúil nach raibh siad róchinnte faoin rud le déanamh nuair nach raibh seisean i gceannas orthu. Thug níos mó ná 500 duine de na hÓglaigh agus de Chumann na mBan faoin

Royal Irish Constabulary (RIC) i nDroichead an Chláirín, in Órán Mór agus i mBaile Átha an Rí agus bhí réimsí fairsinge tíre faoina smacht ar feadh cuid mhór de Sheachtain na Cásca go dtí gur scaip siad tar éis tarraingt siar go Maigh Fhód agus go Baile na Creige.

Nuair a cuireadh an tÉirí Amach faoi chois, chaith Ó Maoilíosa seachtainí ar a theitheadh, ag codladh amuigh, sular éirigh leis bealach a dhéanamh go Nua-Eabhrac i mí na Nollag 1916. Chaith sé ceithre bliana ansin, gníomhach i bpolaitíocht na nGael-Mheiriceánach agus chuidigh sé le turas de Valera sna Stáit Aontaithe sna blianta 1919-20. Le linn dó a bheith sna Stáit Aontaithe, toghadh é mar theachta na Gaillimhe i dtoghchán na bliana 1918. D’fhill sé go hÉirinn sa deireadh i mí Deireadh Fómhair 1920. Ceapadh ina Stiúrthóir Ceannacháin é san IRA agus d’oibrigh sé ar airm a importáil go hÉirinn an tráth céanna a raibh sé ina theachta thar ceann na Gaillimhe sa Dáil. Atoghadh é i dtoghchán mhí Bealtaine 1921.

Chuir Ó Maoilíosa go géar in aghaidh théarmaí an Chonartha Angla-Éireannaigh i mí na Nollag 1921. Ba é ba mhó a d’áitigh sé gur fógraíodh poblacht na hÉireann faoi Cháisc 1916 agus gurbh ann den phoblacht ó shin; dá réir sin, ní raibh aon ghá leis an gConradh. Labhair sé go díocasach, níos mó ná uair amháin, in aghaidh an Chonartha sa Dáil, agus taobh amuigh den Dáil, bhí sé i gceartlár na gluaiseachta in aghaidh an Chonartha. I mí Márta 1922, ceapadh ina Ard-Cheathrúnach é san IRA agus bhí sé ar dhuine den gharastún a ghabh na Ceithre Chúirt i mí Aibreáin. Gabhadh é nuair a thug fórsaí an tSaorstáit ruathar faoin ionad i mí Meitheamh 1922, agus coinníodh i bpríosún Mhuinseo é, le príosúnaigh poblachtánacha eile, go ceann sé mhí. I mí na Samhna 1922, roghnaíodh mar Aire Cosanta é i rialtas frithchonartha de Valera.

Ar an 7 Nollaig 1922, scaoil an IRA Seán Hales, ball d’arm an tSaorstáit agus teachta Dála. Gortaíodh teachta eile, Pádraic Ó Máille. Roghnaigh an Rialtas, le teann díoltais, ceathrar Poblachtánach le cur chun báis gan a gcur ar a dtriail: Rory O’Connor, Joseph McKelvey, Richard Barrett agus Liam Ó Maoilíosa. Maidin an 8 Nollaig, scaoil scuad lámhaigh an ceathrar i bpríosún Mhuinseo. Bhí an ceathrar sin ar an 77 poblachtánach a chuir an Saorstát chun báis go hoifigiúil ar fud na tíre i rith chogadh na gcarad, deichniúr as Gaillimh ina measc.

Maireann ceangal láidir idir Liam Ó Maoilíosa agus Gaillimh go fóill. Cuireadh cumann iománaíochta Liam Uí Mhaoilíosa ar bun sa bhliain 1933; tugadh Dún Uí Mhaoilíosa ar Bheairic na Rinne Móire, seanbhunáit na Connaught Rangers sa bhliain 1954, agus cuireadh dealbh de Liam Ó Maoilíosa ar an bhFaiche Mhór i rith chomóradh an Éirí Amach sa bhliain 1966. Fágann an ról a bhí aige i rith an Éirí Amach agus a thoghadh ina Theachta Dála ar son na Gaillimhe go bhfuil sé ar dhuine díobh siúd is mó iomrá maidir le haimsir na réabhlóide san Iarthar.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.