Mo mhuintir sa chogadh a chuirfeadh deireadh le cogaíocht

My family in the war to end all wars

Gerry Devlin

Verdun W.W.1 Memorial
AlfvanBeem (Own work) [CC0], via Wikimedia Commons
Ballinasloe World War One Heritage Group
Ballinasloe World War One Heritage Group

Ballinasloe

Gerry Devlin atá ormsa. Liostáil mo sheanathair, Gussie Brown, sna Connaught Rangers sa bhliain 1914, nó sin é a shílinn ós beag cainte a rinne muid air – mise ró-óg agus eisean, is dócha, róchurtha amach ag an sléacht a tharla. Bhínn den tuairim chomh maith go raibh deartháir níos óige leis, Joseph, a maraíodh sa Fhrainc i mí na Samhna 1917, ach ní raibh an ceart ansin agam ach oiread.

Thosaigh mé, roinnt blianta ó shin, ag cur suime i stair mo mhuintire. Ba ghearr sin le cófra Pandóra a oscailt; níor léir deireadh ar bith leis. Nuair a bhíothas ag teannadh le 100 bliain ó thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda, bhí mé ag déanamh iontais cén cur isteach a bhí aige ar mhuintir mo sheanathar. Bhí sé d’ádh orm go ndearna Oliver Fallon, fear taighde maidir leis na Connaught Rangers, roinnt tochailte dom. An méid a shíl mé a bheith ar eolas agam, ní raibh ann ach gurb é a samhlaíodh dom i mo ghasúr óg. Ar an gcéad dul síos, liostáil Gussie leis na Connaught Rangers ceart go leor, ach liostáil sé i bhfad níos luaithe ná a shíl mise, ar an 7 Nollaig 1908 nuair a bhí sé ocht mbliana déag. Ar an dara rud, bhí Joseph i bhfad níos sine (31) agus é ina fhear pósta nuair a liostáil seisean leis na Connaught Rangers sa bhliain 1916. Bhí Joseph ina chónaí in Uimhir 2, Sráid an Mháil, Baile Átha Luain agus bhí mac leis (a raibh Joseph air chomh maith) a rugadh díreach tar éis do Joseph liostáil, rud nach raibh a fhios agam beag ná mór. Maraíodh Joseph (an t-athair) sa troid nuair a ionsaíodh trinse tolláin in aice le Croisilles sa Fhrainc ar an 20 Samhain 1917, mí bheag tar éis do teacht ar ais tar éis cead abhaile. Tá sé curtha i Reilig an Bhóthair Iarainn in Croisilles na Fraince agus tá a ainm le Rolla Onóra Bhéal Átha na Sluaighe. Bronnadh pinsean ar bhaintreach Joseph sa bhliain 1918 ach, sa bhliain 1919, sheol Oifig an Phoist Bhaile Átha Luain ar ais litir inar iarradh eolas faoi ghaolta saighdiúirí agus “GONE” marcáilte uirthi (cófra Pandóra a fhágann go leanann an cuardach).

Ar thuairiscí seirbhíse Gussie agus Joseph a léamh dom, tuigeadh dom go raibh beirt dearthár níos sine acu nach raibh eolas ar bith agam orthu, Michael agus Edward J.J. Liostáil an bheirt acusan leis na Royal Hussars agus d’fhéadfadh gur throid Edward i gcogadh na mBórach agus go raibh sé tamall san Iaráic. Ní mór na ceisteanna sin a chíoradh tuilleadh.

Verdun

Dhírigh mé ansin ar mhuintir mo sheanmháthar, Búrcaigh. Liostáil a deartháir Willie leis na Royal Hussars sa bhliain 1904 nuair a bhí sé ocht mbliana déag. Chaith sé ceithre bliana déag san arm, sé bliana acu sin san India. Chuaigh deartháir ba shine ná mo sheanmháthair, John nó Jack mar a thugtaí air, isteach sna 1st Irish Guards i mí Bealtaine 1913 nuair a bhí sé bliain agus fiche. Gortaíodh é i mí na Nollag 1914 agus baineadh srapnal as in ospidéal machaire sa Fhrainc. Seoladh ar ais go Londain é mar ar baineadh an chos de mar gheall ar “shrapnel wound with septic infection”. Scaoileadh le Jack ón tseirbhís ar an 29 Aibreán 1915 mar gheall ar “shrapnel wound left knee. No longer physically fit”. Tháinig Gussie abhaile slán ón gcogadh agus thóg sé clann, mo mháthair san áireamh, a dtugtaí VERDUN de leasainm uirthi. Bhí deartháir aici a bhí beagán níos sine ná í agus nuair a fiafraíodh de cén t-ainm a bhí ar an bpáiste nua, dúirt sé VERDUN mar gheall ar an gcaint sa bhaile faoina athair, faoin gcogadh agus faoi chath Verdun. Tháinig Michael Brown abhaile slán chomh maith mar tháinig mé ar mhac leis, Patrick, agus é trí bliana déag agus ceithre fichid. Bhí Jack agus Willie Burke orthu siúd a tháinig slán chomh maith ach is cuimhin liom mo sheanmháthair ag rá go mbíodh tromluí uafásach orthu. Tá mé fós i mbun taighde faoi Edward J.J. Browne agus níl mé cinnte mar gheall airsean go fóill. Is é Joseph i gcónaí “an fear óg sin a d’fhág an baile agus nár fhill choíche”. Ach oiread le cuid mhór eile a throid agus a maraíodh sa “chogadh a chuirfeadh deireadh le cogaíocht”.

Comments about this page

  • A very interesting read as Gussie and Joseph was also my relatives!

    By Kate Smith (*post-comment-date)

Add a comment about this page

Your email address will not be published.