Téarmaí úsáide

Úsáid an Láithreáin Gréasáin seo

Sa chás go mbaineann tú úsáid as an láithreán gréasáin seo nó go gcuireann tú ábhar ar fáil dó, aontaíonn tú déanamh de réir na dTéarmaí Úsáide seo agus glacadh leis an bPolasaí Príobháideachta agus de réir an Ráiteas faoi Chóipcheart. Mura n-aontaíonn tú go bhfuil na téarmaí seo de cheangal ort, níor cheart duit an láithreán gréasáin a úsáid ná ábhar a chur ar fáil air.

Tharlódh go n-oibreofaí leasú ó am go chéile ar na Téarmaí Úsáide seo agus ba cheart duit iad a bhreithniú go rialta. Sa chás nach bhfuil glacadh agat le leasú ar bith ar na Téarmaí Úsáide seo, ba cheart duit éirí as an láithreán gréasáin a úsáid nó as ábhar a chur ar fáil air. Measfar, sa chás go leantar ag úsáid an láithreáin gréasáin tar éis leasú a dhéanamh ar na Téarmaí Úsáide, gur ionann sin agus aontú leis na leasuithe a rinneadh.

Aontaíonn tú nach ndéanfaidh tú:

    • An láithreán gréasáin a úsáid le haghaidh aon ní a bheadh in aghaidh an dlí
    • Cúrsaí slándála maidir leis an láithreán gréasáin a chur i mbaol a lagaithe
    • Aon ní a d’fhéadfadh feidhmiú an láithreáin gréasáin a chur ó mhaith nó a bhac
    • Iarracht teacht isteach ar aon réimse daingean den láithreán gréasáin
    • Cur isteach ar leas nó úsáid aon duine eile as an láithreán gréasáin
    • Aon ábhar atá ina ábhar déistine, anró, ciaptha, clúmhillte, idirdhealaithe nó tarcaisne a chur ar fáil ar an láithreán
    • Aon ní a bheadh ina shárú ar chearta duine eile, cearta cóipchirt san áireamh.

Rannchuidiú a dhéanamh

Sa chás go ndéanann tú rannchuidiú leis an láithreán, aontaíonn tú:

    • Cead a thabhairt d’eagarthóirí an láithreáin an rannchuidiú a atáirgeadh, a úsáid, a leasú, a stóráil, a chóiriú nó a scaipeadh, gan bheann ar an bhfoirm, saor ó tháille, chun críche neamhthráchtála ar bith, ar chuntar go ndéantar admháil maidir leis an ábhar de réir mar atá leagtha amach sa Ráiteas faoi chóipcheart
    • Cead a thabhairt d’aon duine nó d’úsáideoir eile an rannchuidiú a atáirgeadh, a úsáid, a leasú, a stóráil, a chóiriú nó a scaipeadh, gan bheann ar an bhfoirm, saor ó tháille, chun críche neamhthráchtála ar bith, ar chuntar go ndéantar admháil maidir leis an saothar de réir mar atá leagtha amach sa Ráiteas faoi chóipcheart

    Ní mór rannchuidiú ar bith a dhéanann tú leis láithreán seo a bheith ina bhunsaothar de do chuid féin agus ní mór a bheith de cheart agat cead de na cineálacha a luaitear thuas a thabhairt sula ndéanann tú an rannchuidiú.

    Sa chás gur inaitheanta duine ó do rannchuidiú, ní mór duit cead an té sin a fháil sula gcuirtear an t rannchuidiú ar fáil don láithreán gréasáin. Sa chás gur inaitheanta duine atá faoi bhun 16 bliana d’aois, ní mór toiliú thuismitheoir nó chaomhnóir dlíthiúil an té sin a bheith leis an rannchuidiú a chur ar fáil sula ndéantar sin.

    Agus rannchuidiú á chur ar fáil agat, tabhair san áireamh le do thoil, cúrsaí sábháilteachta maidir leat féin agus le daoine eile. Ná tugtar amach sonraí comhfhreagrais ná eolas pearsanta eile i ndáil leat féin ná le haon duine eile. Mura bhfuil 16 bliana slán agat go fóill agus gur mhaith leat rannchuidiú a dhéanamh leis an láithreán gréasáin, ní mór duit toiliú do thuismitheora nó do chaomhnóra dlíthiúil a fháil leis sin a dhéanamh gach uair dá ndéanann tú é agus ní mór duit an rannchuidiú is mian leat a dhéanamh a thaispeáint dóibh ionas gur féidir leo toiliú leis.

Sárú na dTéarmaí Úsáide

Sa chás go sáraíonn tú na Téarmaí Úsáide seo, is féidir, de lánrogha eagarthóir an láithreáin gréasáin, eagarthóireacht a dhéanamh ar rannchuidiú a chuir tú ar fáil nó a bhaint anuas agus d’fhéadfadh go ndiúltófaí glacadh le haon rannchuidiú uait ina dhiaidh sin. Aontaíonn tú gur ort atá iomlán na freagrachta i ndáil le caillteanas, speansas, éileamh nó costas ar bith, táillí dlí san áireamh, a bheadh mar thoradh ar shárú na dTéarmaí Úsáide seo, an Bheartais Príobháideachta nó an Ráiteas faoi Chóipcheart agatsa.

Ábhar de chuid an Láithreán Gréasáin seo a Úsáid

Ní mór aon úsáid a bhaintear as ábhar de chuid an láithreán gréasáin seo a bheith i gcomhréir leis an Ráiteas faoi Chóipcheart. Féach, le do thoil, an Ráiteas faoi Chóipcheart.

Déantar ceangal ón láithreán seo le láithreáin gréasáin sheachtracha. Ní faoi Cheadúnas Cóipchirt Creative Commons a oibríonn na láithreáin sin agus ní foláir duit an cead cuí a iarraidh sular féidir leat ábhar ar bith de chuid na láithreán sin a chur ar fáil in athuair.

Teorainn le Dliteanas

Cé go ndéanann eagarthóirí an láithreáin seo gach dícheall an fhaisnéis a chuirtear ar an láithreán a choinneáil cruinn, is ó dhaoine den phobal mórchuid mhór na faisnéise. Séantar dá bhrí sin aon bharánta a thabhairt ná uiríoll a dhéanamh, go sainráite ná go hintuigthe, maidir le cruinneas, cuimsitheacht ná oiriúnacht an eolais chun críche faoi leith.

Aontaíonn tú glacadh le hiomlán na freagrachta i ndáil le húsáid a bhaint as eolas ar an láithreán seo agus tuigeann tú agus aontaíonn tú nach bhfuil freagracht ná dliteanas ar eagarthóirí an láithreáin maidir le héileamh, caillteanas ná damáiste ar bith a thagann de thoradh a úsáid.

Tá naisc le láithreáin gréasáin sheachtracha ar an láithreán seo. Ní ghlactar le dliteanas ar bith i ndáil le hábhar, feidhmiú, cruinneas, príobháideacht láithreán gréasáin seachtrach ná i ndáil le teacht a bheith orthu. Ní gá gur ionann tuairim a chuirtear in iúl ar láithreán gréasáin seachtrach ná ar sheirbhís líonraí sóisialta de chineál ar bith agus tuairim de chuid an láithreáin gréasáin seo ná ní gá gur ionann tuairim mar sin a bheith á chur in iúl ar láithreán gréasáin seachtrach nó ar sheirbhís sheachtrach agus aontú an láithreáin gréasáin seo le tuairim dá shórt.

Dlínse

Tiocfaidh na téarmaí seo faoi scáth dhlíthe na hÉireann, is de réir dhlí na hÉireann a dhéanfar iad a léirmhíniú agus is faoi scáth an dlínse sin amháin a dhéanfar aon chás aighnis a mheas.

Ráiteas faoi Chóipcheart

Tagann an t-ábhar téacs, grafaice, ealaíne, fuaime, físeáin, íomhánna agus cnuasach an eolais atá ar an láithreán gréasáin Gaillimh: Deich mBliana na gCuimhneachán faoi chosaint cóipchirt. Sonraítear an t-údar mar úinéir cóipchirt agus sonraítear úinéirí cóipchirt sna ceannteidil le grianghraif agus sna línte creidmheasa a ghabhann le gach alt faoi leith.

Tá cead agat ábhar ar an láithreán gréasáin seo a úsáid i mbun staidéar príobháideach de do chuid féin a dhéanamh, i mbun taighde neamhthráchtála agus chun críche teagaisc nó oideachais. Sa chás go socraíonn tú ábhar ar an láithreán gréasáin seo a úsáid, ní mór duit cloí leis na Téarmaí Úsáide.

Ní mór duit cead a fháil ón úinéir cóipchirt cuí chun ábhar a athfhoilsiú ar láithreán gréasáin poiblí nó mar chuid de shaothar atá le foilsiú ar mheán de chineál ar bith. D’fhéadfadh úsáid den chineál sin a bheith faoi réir ag táille atáirgthe agus ní mór foinse an ábhair agus an stádas cóipchirt a chur in iúl.

Tagann ábhar cnuasaithe an láithreáin gréasáin seo faoi chosaint dhlí an chóipchirt faoin Copyright, Designs and Patents Act 1988 Rinneadh gach iarracht úinéirí cóipchirt maidir leis an ábhar a chuirtear i láthair a chinntiú. Más dóigh le léitheoir, ina ainneoin sin, gur leo an cóipcheart maidir le haon ábhar a chuirtear ar fáil agus gur féidir an cháipéisíocht chuí ina leith sin a chur ar fáil, ba mhian linn go dtiocfaí i gcomhairle linn ionas gur féidir an chreidiúint mar is cóir a lua leis an ábhar nó é a bhaint anuas.

D’fhéadfadh go ndéanfaí leasú ar an ráiteas faoi chóipcheart seo tráth is faide anonn agus tá de chúram ort féin an ráiteas a sheiceáil gach uair a mbeadh beartaithe agat ábhar de chuid an láithreáin gréasáin seo a atáirgeadh.

Cuirtear naisc ar fáil le láithreáin gréasáin sheachtracha ón láithreán Gaillimh: Deich mBliana na gCuimhneachán agus bíonn coinníollacha dá gcuid féin i bhfeidhm maidir le cóipcheart ar na láithreáin sin. Iarrtar, le do thoil, an cead cuí sula gcuirtear aon ábhar de chuid láithreáin acu sin a chur ar fáil in athuair.

Maidir le heolas faoi ábhar a chur ar fáil don láithreán gréasáin seo, féach na Téarmaí Úsáide.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.