Cur i láthair an láithreáin ghréasáin seo

Ar an láithreán gréasáin seo tá fáil ar ábhar ar deich mbliana na gcuimhneachán agus ceiliúradh air sin. Imeachtaí tábhachtacha agus sainiúla a bhí sna imeachtaí a tharla sa deich mbliana idir 1913 agus 1923.  Bhí tionchar ag na deich mbliana sin ar chaidrimh ar feadh glúine. Baineadh amach neamhspleáchas na hÉireann agus cruthaíodh ár Stát le linn na tréimhse sin. Is féidir leat brabhsáil trí ghrianghraif, cuimhní cinn, scéalta agus eolas stairiúil a bhaineann leis an ábhar anseo.

Aitheantas:

Is mian le Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Ard-Mhúsaem na hÉireann buíochas a ghabháil leis na daoine agus na grúpaí a rannchuidigh le Tionscadal Mapa Cuimhne 1916 na Gaillimhe agus is mian linn aitheantas a thabhairt dá gcuid iarrachtaí agus dá dtiomantas don tionscnamh oidhreachta tábhachtach seo do Chontae na Gaillimhe.

Séanadh:

Baineann na tuairimí agus na dearcthaí a léirítear sna taifid ar an láithreán gréasáin seo leis na cainteoirí ar leith agus ní gá go léiríonn siad tuairim, beartas oifigiúil ná seasamh Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus/ná Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Is chun críocha faisnéiseagus sin amháin na sonraí go léir a chuirtear ar fáil ar an láithreán seo.

Ní dhéanann an láithreán gréasáin seo uiríoll ar bith maidir le cruinneas, comhláine, oiriúnacht ná bailíocht faisnéis ar bith ar an láithreán seo agus ní bheidh dliteanas ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe ná ar Ard-Mhúsaem na hÉireann i leith aon earráidí, easnaimh ná moilleanna sa bhfaisnéis seo, ná i leith aon chaillteanais, gortuithe ná damáistí a bheadh mar thoradh ar an láithreán gréasáin seo a thaispeáint nó a úsáid.

Maidir linn

Oifig Oidhreachta Chomhairle Chontae na Gaillimhe a chruthaigh an láithreán gréasáin seo i gcomhar le hArd-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe. Má tá suim agat a bheith páirteach ann déan teagmháil linn le do thoil.

Rannchuidiú leis an láithreán seo

Féadfaidh tú do thuairim a thabhairt faoi rud ar bith ar an láithreán gréasáin tríd an nasc ‘Tabhair do thuairim’ ag íochtar gach leathanaigh. Féadfaidh tú chomh maith do ghrianghraif, scéalta nó eolas féin a chur ar aghaidh chuig an láithreán trí úsáid a bhaint as ár bhfoirm rannchuidithe.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.